Tá maoiniú dar luach €471,500 ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, do Choimisiún Fulbright chun leanúint le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna ar fud na Stát Aontaithe. Tacóidh an maoiniú leis an gclár don bhliain acadúil 2025–2026 agus leanfaidh sé de thionscnamh atá á mhaoiniú ag an Roinn ó 2006 i leith.
Faoin gclár, tugtar deis gach bliain do na céadta mac léinn ollscoile i Meiriceá an Ghaeilge a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i réimse imeachtaí cultúrtha a bhaineann leis an teanga. Chomh maith leis sin, tugtar deis do Theagascóirí Gaeilge Fulbright (FLTAnna) as Éirinn tréimhse a chaitheamh ag múineadh in ollscoileanna Mheiriceá agus ag obair leis na pobail Ghaeilge ar na campais éagsúla. Bíonn deis ag cuid de na mic léinn Mheiriceánacha cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht mar chuid den chlár freisin.
De réir na Roinne, cuireann an scéim taithí ghairmiúil luachmhar ar fáil do na múinteoirí Gaeilge, rud a chuidíonn leo a gcuid scileanna teagaisc a fhorbairt sula bhfilleann siad ar Éirinn. Deirtear freisin go gcabhraíonn an clár le naisc acadúla agus chultúrtha a neartú idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe, agus go gcruthaítear gréasán idirnáisiúnta a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge.
Agus é ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Dara Calleary go bhfuil an obair atá á déanamh ag Coimisiún Fulbright thar a bheith tábhachtach chun malartú oideachais agus cultúrtha idir an dá thír a chur chun cinn. Dúirt sé go n-ardaíonn an clár próifíl idirnáisiúnta na Gaeilge agus go bhfuil sé ag teacht le misean na Roinne úsáid na teanga a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear. Dúirt sé freisin go gcabhraíonn an tionscnamh le glúin nua foghlaimeoirí Gaeilge a chothú ar fud an domhain.
Chuir Stiúrthóir Fulbright Ireland, an Dr Dara FitzGerald, fáilte roimh an bhfógra, ag rá go gcinnteoidh an maoiniú go leanfaidh teagasc na Gaeilge ag dul ó neart go neart in institiúidí acadúla sna Stáit Aontaithe. Dar leis, ní hamháin go dtacaíonn an clár le teagascóirí agus le mic léinn, ach cuidíonn sé freisin le hoidhreacht teanga na hÉireann a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.
Léiríonn tuarascáil Fulbright don bhliain acadúil 2024–2025 go raibh ochtar FLTA ag teagasc i seacht n-institiúid i Meiriceá. D’fhreastail 913 mac léinn ar chúrsaí Gaeilge, rinne 436 acu scrúduithe, agus múineadh 19,804 uair an chloig Gaeilge. Ina theannta sin, tháinig 24 mac léinn go hÉirinn ar scoláireachtaí Gaeltachta mar chuid den chlár.