

Comhghairdeas le Lorna Johnson, sintiusóir de chuid An Páipéar ar bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill 2026 uirthi ag ócáid in Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, tar éis di an chéad duais a bhaint amach i gComórtas Aistí Néill Uí Dhónaill, comórtas bliantúil foclóireachta a eagraíonn Foras na Gaeilge.
Is de bhunadh Éireannach í Lorna, cé gur rugadh agus gur tógadh i Sasana í. Tá cónaí uirthi anois sa Nua-Shéalainn, áit a bhfuil sí ag obair mar chomhairleoir cathrach in Palmerston North. Thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge in 2021 agus bhain sí Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach amach in Ollscoil na Gaillimhe in 2025. Tá Scoláireacht Mhic Dhonncha aici don bhliain acadúil 2025/26 agus tá sí ag déanamh MA sa Léann Teanga san ollscoil chéanna. Le linn a cuairte ar Éirinn an samhradh seo, d’fhreastail sí ar chúrsa le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille.
Ina haiste bhuaiteach, rinne Lorna cás láidir ar son na sanasaíochta i bhfoclóirí comhaimseartha Gaeilge. Mhaígh sí gur cheart nótaí sanasaíochta a chur san áireamh i bhfoclóirí nua-aimseartha agus rinne sí comparáid idir an cur chuige i bhfoclóirí Gaeilge agus foclóirí i dteangacha eile, an Béarla agus an Ghearmáinis ina measc. Phléigh sí freisin stair an taighde sanasaíochta sa Ghaeilge agus an tairbhe a bhainfeadh foghlaimeoirí teanga as eolas níos cuimsithí faoin mbunús focal. Tharraing sí aird chomh maith ar an mbaol a bhaineann le scaipeadh na bréagshanasaíochta nuair nach mbíonn eolas údarásach ar fáil.
Ba í Aisling Ní Churraighín, eagarthóir ar fhoireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge, a bhronn an bonn ar Lorna. Dúirt Príomh-Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Pádraig Ó Mianáin, gur léiríodh spéis mhór sa chomórtas arís i mbliana agus gur comhartha dóchais é go bhfuil mic léinn sa bhaile agus thar lear ag tabhairt faoin bhfoclóireacht mar réimse taighde.
Bhuaigh Graham Moran ó Ollscoil Mhá Nuad Duais Chúige Chonnacht, agus bronnadh Duais Chúige Laighean ar Phroinsias Mac Ruaidhrí ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh.
Cuireadh Comórtas Aistí Néill Uí Dhónaill ar bun in 2021 in ómós don fhoclóirí mór le rá Niall Ó Dónaill, eagarthóir an Fhoclóra Gaeilge–Béarla a foilsíodh in 1977. Tá sé beartaithe ag Foras na Gaeilge an comórtas a reáchtáil arís an bhliain seo chugainn.