Gradam Nuálaíochta ag SúilSiar

Tá comhlacht teicneolaíochta oideachais SúilSiar Teoranta, atá lonnaithe i gCeatharlach, tar éis leathnú suntasach a fhógairt ar a chuid oibre le béim ar fhorbairt intleachta saorga trí mheán na Gaeilge, tar éis dó an gradam don Smaoineamh Gnó is Nuálaí a bhuachan ag taispeántas New Frontiers de chuid Fhiontraíocht Éireann in SETU Phort Láirge.

Mar chuid den fhás sin, tá an comhlacht ag cruthú a chéad phoist inmheánaigh mar Fhorbróir Córas AI agus Forbróir Ginearálta. Beidh an ról lonnaithe i gCeatharlach agus díreoidh sé ar fhorbairt réiteach AI atá deartha go sonrach don Ghaeilge agus do mhionteangacha eile.

Fearghal Máirtín, Stiúrthóir Bainistíochta SúilSiar.
Grianghraf: Patrick Browne

Freastalaíonn SúilSiar ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta trí acmhainní digiteacha teagaisc agus foghlama a chur ar fáil do gach ábhar meánscoile. I gcomhar le hOifig Fiontair Áitiúil Cheatharlach, tá an comhlacht ag forbairt buAIrcín, cúntóir AI do mhúinteoirí a bhfuil sé mar aidhm aige bearnaí sa tacaíocht dhigiteach don Ghaeilge a líonadh.

Ag labhairt dó tar éis an gradam a bhaint amach, dúirt Stiúrthóir Bainistíochta SúilSiar, Feargal Máirtín, gur thug clár New Frontiers “fuinneamh agus misneach” don chomhlacht. Dúirt sé freisin go gcuirfidh an maoiniú ó Oifig Fiontair Áitiúil Cheatharlach ar a gcumas post ardscileanna a chruthú agus leanúint dá misean réitigh nuálacha dhigiteacha a fhorbairt don ghaeloideachas.

Bhunaigh na múinteoirí Feargal Máirtín agus Emma Nic an Mhaoir SúilSiar in 2025. Tá os cionn 33% de na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta sa tír ag úsáid an ardáin cheana féin, agus meastar go mbeidh breis agus 5,000 scoláire cláraithe leis sa scoilbhliain atá romhainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.