Dhá mhíle post Éireannach le híobairt do chogadh ECAT san Úcráin

Tá suas le dhá mhíle post i mbaol i gContae Luimnigh de réir mar a fhaigheann an feachtas atá spreagtha ag Meiriceá i gcoinne Aughinish Alumina neart, agus lucht leanúna ECAT ag áitiú go stopfaí onnmhairiú alúmana go dtí an Rúis, cé go gciallódh sé sin go ndúnfaí an mhonarcha agus go gcaillfí jabanna i gceantar a bhfuil géarghá le níos mó fostaíochta ann, ní le níos lú.

Is le comhlacht Rúiseach an mhonarcha in Eachinis, agus onnmhairíonn sé níos mó ná leath a tháirge go dtí an Rúis, cé gur soláthraí suntasach é freisin do roinnt tíortha de chuid an AE.

Níor cuireadh smachtbhannaí AE ar onnmhairiú alúmana go dtí an Rúis go dtí seo, ach tá feachtas curtha ar bun ag nuachtán an Irish Times, mar aon le Tionscadal Tuairiscithe ar an gCoireacht Eagraithe agus ar an Éilliú (OCCRP) atá faoi smacht Mheiriceá, agus chruthaigh sé sin conspóid shaorga faoin gcomhlacht, agus maíomh ann go bhfuil an t-alúmana onnmhairithe á úsáid chun alúmanam a dhéanamh a fhaigheann a bhealach isteach i dtrealamh míleata na Rúise ar deireadh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.