Ba ábhar misnigh dom le déanaí a bheith i gCorcaigh, i gCill Dara agus ag Gradaim Ghnó na hÉireann. Chonaic mé an méid tacaíochta atá ann don Ghaeilge i measc lucht gnó agus an fonn atá ar dhaoine í a úsáid ina gcuid oibre. Ag bricfeasta gnó Scéal Nua i gCorcaigh, bhí an plé dírithe…

An Cheathrú Rua, Dé hAoine an 20 Samhain go Dé Luain an 23 Samhain Dé hAoine an 20 Samhain 9.15 am Iris Aniar beo ó Leabharlann na Ceathrún Rua 11 am An Cheathrú Rua in 1926Léargas ón daonáireamh le Shane Réamonn 2 pm Ealaíontóir inár meascDerek Clarke ar an gCeathrú Rua 1938 & 1946: Taispeántas…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 20 Samhain Blaiseadh fíona agus cáiseLeis an sommelier Gaelach Dáire Ó Lúing7 go 8 pmZury Cafe and Cheese Shop, Oileán na nGéanna, Trá Lí, V92C6KHTicéid: €25Clárú: cnag.trali@gmail.comArna eagrú ag…

D’iarr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, ar bhuaiteoirí Ghradaim Ghnó na hÉireann 2026 cur leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí Ghaeilge agus gnólachtaí eile ina gceantar a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa scéim. Bhí sé ag labhairt ag an searmanas bronnta sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara i mBaile…

D’fhéadfadh Glór na nGael líon na gcomhlachtaí atá páirteach i scéim na Ghradaim Ghnó na hÉireann a mhéadú go mór dá n-ardófaí an deontas a fhaigheann sé ó Roinn na Gaeltachta, dar le leas-chathaoirleach na heagraíochta, Máiréad Ní Cheallaigh. Ag labhairt di ag an searmanas bronnta sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara i mBaile…

Contae an ChabháinTLC Time for You — Bonn Cré-umha (comharthaíocht) Contae an ChláirClare Fruit and Veg Market — Bonn Óir (comharthaíocht), Bonn Airgid (margaíocht agus brandáil), Bonn Airgid (seirbhís)Doolin Ferries — Bonn Cré-umha (comharthaíocht), Bonn Cré-umha (margaíocht agus brandáil), Bonn Cré-umha (seirbhís)Irish Whale & Dolphin Group — Bonn Airgid (comharthaíocht), Bonn Óir (margaíocht agus brandáil),…

Ní raibh ach samhradh amháin curtha isteach ag Méin Nic Craith i mbun a caifé sa Rinn nuair a tháinig an scéala go raibh gradam náisiúnta buaite aici. Ainmníodh bunaitheoir an Tigín, atá 22 bliain d’aois, mar Fhiontraí Óg na Bliana san aoisghrúpa 18–25 ag Gradaim Ghnó na hÉireann 2026. Bronnadh an gradam uirthi sa…

Bhí Brian Hex Okoye ag smaoineamh ar Lionta Bars a dhúnadh agus é ag tabhairt faoin séú bliain i nGaelcholáiste Chill Dara. Ina áit sin, d’earcaigh sé daoine le cuidiú leis an ngnó seacláide a choinneáil ar bun sa scoil. Tá aitheantas náisiúnta faighte aige anois as an obair sin. Bhuaigh sé gradam Fhiontraí Óg…

Bhuaigh Nemeton TV trí bhonn óir ar an gcéad iarracht ag Gradaim Gnó na hÉireann. Thug an comhlacht léiriúcháin, a bunaíodh i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge, bonn óir leis i ngach catagóir ag an searmanas i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Bronnadh na boinn ar Nemeton as a chuid comharthaíochta,…

Tá trí bhonn óir bainte amach ag Leabhair & Lattes, siopa leabhar agus caifé i mbaile Cheatharlach, ag Gradam Gnó na hÉireann 2026. Fuair an gnólacht bonn óir i ngach ceann de na trí chatagóir, mar atá comharthaíocht, margaíocht agus brandáil, agus seirbhís do chustaiméirí. Ghlac Patrice Gallagher, as Móinteach Mílic, Co. Laoise, leis na…