Ba ábhar misnigh dom le déanaí a bheith i gCorcaigh, i gCill Dara agus ag Gradaim Ghnó na hÉireann. Chonaic mé an méid tacaíochta atá ann don Ghaeilge i measc lucht gnó agus an fonn atá ar dhaoine í a úsáid ina gcuid oibre. Ag bricfeasta gnó Scéal Nua i gCorcaigh, bhí an plé dírithe ar an tairbhe a bhaineann le húsáid na teanga sa ghnó, idir an chaoi a gcuireann comhlacht é féin i láthair agus an caidreamh a chothaíonn sé lena chustaiméirí.

Is minic gur leor ‘Dia duit’ ag an gcuntar chun a chur in iúl go bhfuil fáilte roimh an nGaeilge. Is é a tharlaíonn ina dhiaidh sin a thugann muinín don chustaiméir leanúint den chomhrá. Má bhíonn duine in ann caife a ordú nó comhairle a lorg i siopa trí Ghaeilge, is mó seans go roghnóidh sé an teanga arís an chéad uair eile.

Sin cuid den luach atá le Gnó Chill Dara agus le himeachtaí Chill Dara le Gaeilge. Nuair a thagann lucht gnó le chéile, is féidir leo a gcuid taithí a roinnt agus ceisteanna praiticiúla a phlé. Cén t-eolas is minice a lorgaíonn custaiméirí? Cad iad na frásaí a bheadh úsáideach don fhoireann? Is féidir tosú leis na freagraí ar na ceisteanna sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.