Tá an Eoraip ag dul síos i nganfhios di féin

Eoin Ó Murchú

Is léir don dall go bhfuil athrú mór ag teacht ar an saol i láthair na huaire féin, agus ar stádas, tionchar agus ról na hEorpa sa domhan nua atá á shaolú os comhair ár súl.

Tá deireadh leis na himpireachtaí a thug saibhreas do stáit mhóra na hEorpa. Tá na hiarsmaí deireannacha dhá scaipeadh agus tíortha na Saiheile ag briseadh a nasc leis an bhFrainc, rud atá ina údar lárnach le cuid mhaith de ghéarchéim airgeadais na Fraince inniu.

Le linn an Chogaidh Fhuair mhair an Eoraip faoi cheannas Mheiriceá, ag glacadh páirt shóisearach in éineacht le Meiriceá i ndúshaothrú an domhain.

Bunaíodh ECAT ar mhaithe le, mar a dúradh ag an am, na Rúisigh a choinneáil amuigh, na Meiriceánaigh a choinneáil istigh agus na Gearmánaigh a choinneáil síos.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.