D’iarr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, ar bhuaiteoirí Ghradaim Ghnó na hÉireann 2026 cur leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí Ghaeilge agus gnólachtaí eile ina gceantar a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa scéim. Bhí sé ag labhairt ag an searmanas bronnta sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.
Dúirt Mac Cormaic gur léiriú iad na gradaim ar luach eacnamaíoch agus cultúrtha na Gaeilge agus ar an éileamh atá ar sheirbhísí trí mheán na teanga. Mhol sé do na buaiteoirí féachaint, agus iad ar ais ag obair, ar na deiseanna atá acu cur lena gcuid seirbhísí agus tuilleadh Gaeilge a úsáid i ngnáthchúraimí an ghnó.
“Nuair a fheiceann daoine an Ghaeilge in úsáid laethúil i siopaí, i mbialanna agus i ngnólachtaí ar fud na tíre, tugann sé beocht agus stádas nua don teanga,” a dúirt sé.