‘D’fhéadfaí i bhfad níos mó gnólachtaí a thabhairt isteach i scéim na Gaeilge le deontas níos mó’

D’fhéadfadh Glór na nGael líon na gcomhlachtaí atá páirteach i scéim na Ghradaim Ghnó na hÉireann a mhéadú go mór dá n-ardófaí an deontas a fhaigheann sé ó Roinn na Gaeltachta, dar le leas-chathaoirleach na heagraíochta, Máiréad Ní Cheallaigh.

Ag labhairt di ag an searmanas bronnta sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, dúirt Ní Cheallaigh go raibh 855 comhlacht cláraithe leis an scéim ó cuireadh tús léi in 2022. Tá aitheantas faighte ag 645 comhlacht éagsúil ó shin as an nGaeilge a úsáid ina gcuid gnó.

Bronnadh 361 bonn ar 157 gnólacht i mbliana. Bhain 34 gnólacht an gradam ab airde amach, agus trí bhonn óir ar phlaic gach ceann acu. Bhí 75 de na comhlachtaí ar tugadh aitheantas dóibh lonnaithe sa Ghaeltacht agus 82 lonnaithe lasmuigh di.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.