Féile Rua – Ceol, Cultúr agus Pobal!

An Cheathrú Rua, Dé hAoine an 20 Samhain go Dé Luain an 23 Samhain

Dé hAoine an 20 Samhain

9.15 am Iris Aniar beo ó Leabharlann na Ceathrún Rua

11 am An Cheathrú Rua in 1926
Léargas ón daonáireamh le Shane Réamonn

2 pm Ealaíontóir inár measc
Derek Clarke ar an gCeathrú Rua 1938 & 1946: Taispeántas eolais &
samplaí dá shaothar. Á sheoladh ag Seán Ó Mainnín

7 pm Sean-nós sa Séipéal: Amhránaithe na Ceathrún Rua
Seosamh Ó Gríofa, Seosamh Mac Donncha, Neans Nic Dhonncha, Liam Ó Ceallaigh, Órla Ní Mheachair, Donncha Mac Con Iomaire, Pádraic Mac Donncha, Iain Eòsaph MacNeill, Cór nuabhunaithe na Ceathrún Rua
Fear an tí: Máirtín Tom Sheáinín

9 pm Seoladh ‘Cillín’, Irisleabhar na Ceathrún Rua, Tigh an Táilliúra
9.30 pm Club na Féile: Mórsheisiún amhránaíochta
Aoi speisialta: buaiteoir Chorn Uí Riada Rónán Ó Conghaile & buaiteoirí eile Oireachtais

Dé Sathairn an 21 Samhain

Meán lae Fiach Focal ‘An tAirneán’ i Halla an Acadaimh
Le Máire Feiritéar & Máire Ní Chualáin

Meán lae scéalaíocht do ghasúir i Leabharlann na Ceathrún Rua
Le Nóirín Ní Cheannabháin

2.30 pm Súil Charad: Cuimhní ar Johnny Chóil Mhaidhc le hAodh Ó Coileáin, Halla an Acadaimh
Agallaimh bheirte agus roinnt míreanna físeáin ar Johnny Chóil Mhaidhc nár craoladh cheana.
Á eagrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaillimh
8 pm Ceolchoirm na Féile: Craobhchomórtas amhránaíochta nuachumtha STÉIBH ’26, An Réalt
Ceol ina dhiaidh leis Na hEasógaí

Dé Domhnaigh an 22 Samhain

Meán lae Ceiliúradh na nÓg, an Crompán
Comórtais do dhaoine óga: amhránaíocht ar an sean-nós, damhsa ar an sean-nós, agallaimh bheirte, lúibíní, scéalaíocht agus aithriseoireacht
Clárú ar an lá 11 am ar aghaidh

5.30 pm Chúig Amhrán, An Chistin
Chúig Amhrán as Éirinn & Albain le Bríd Ní Mhaoilchiaráin & Iain Eòsaph MacNeill
Bean an tí: Máirín Nic Fhionnghuin

7 pm Taispeántas Damhsa ar an Sean-Nós ó dhamhsóirí Chonamara, an Chistin
Saoirse Ní Dhomhnaill (Buaiteoir Steip ’26), Gearóid Ó Droighneáin, Rónán Ó Conghaile, Ríona Ní Fhlatharta, Gearóid & Pádraic Ó Dubháin, Colm Seoighe, Clann Uí Oibicín, Éadaoin & Conall Ó Mainín, Róisín Ní Mhainín & a clann
Fear an tí: Donncha Mac Con Iomaire

Dé Luain an 23 Samhain

1 pm Seoladh leabhair scríofa ag daltaí Scoil Mhic Dara agus Scoil an Tuairín le chéile
Halla Scoil Mhic Dara

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.