Bhí Brian Hex Okoye ag smaoineamh ar Lionta Bars a dhúnadh agus é ag tabhairt faoin séú bliain i nGaelcholáiste Chill Dara. Ina áit sin, d’earcaigh sé daoine le cuidiú leis an ngnó seacláide a choinneáil ar bun sa scoil. Tá aitheantas náisiúnta faighte aige anois as an obair sin. Bhuaigh sé gradam Fhiontraí Óg na Bliana san aoischatagóir 12–18 ag Gradaim Gnó na hÉireann 2026.
Bronnadh an gradam air sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Agus é ag caint le An Páipéar i ndiaidh an bhronnta, dúirt Brian gur dheacair dó a chur in iúl cé chomh mór agus a chuaigh an bua i bhfeidhm air.
“Níl na focail agam,” a dúirt sé. “Tá sé chomh hollmhór agus ní féidir liom creidiúint. Táim chomh sásta.”

Ba san idirbhliain a thosaigh Lionta Bars, nuair a chuir Brian agus a chara Emma de Fuite tionscadal mionchomhlachta ar bun. Bhí borradh faoin tóir ar sheacláid Dubai ag an am agus bheartaigh an bheirt triail a bhaint as a gcuid barraí féin a dhéanamh.
“Bhí siad gach áit, so bhí muid spreagtha chun ár mbarraí féin a dhéanamh,” arsa Brian.
Bhain an bheirt an dara háit amach i gcomórtas mionchomhlachtaí i gCill Dara agus iad san idirbhliain. Bhí ar Emma éirí as an tionscadal i ndiaidh na chéad bhliana mar gheall ar chúraimí eile. Lean Brian leis agus chuir sé le réimse na mbarraí de réir a chéile.
“Bhunaigh mé na blasanna nua, mar shampla Cookie Dough, Red Velvet, Dubai, Biscoff, Cookies and Cream,” a dúirt sé.
Faoin séú bliain, bhí sé ag éirí deacair air an gnó a rith in éineacht lena chuid obair scoile. Ba le linn comhrá lena chairde a tháinig sé ar an smaoineamh daoine a earcú agus oiliúint a chur orthu.
“Níor phleanáil mé é,” a dúirt sé. “Bhí mé chun é a dhúnadh síos.” Chuir sé plean le chéile agus phléigh sé é le múinteoirí sa scoil. “Thaitin an smaoineamh go mór leo. Níor cheap mé go n-éireodh leis, ach d’éirigh leis.”
D’fhreastail Brian agus a dheirfiúr níos óige ar bhunscoil lán-Ghaeilge. Dúirt sé go raibh a mháthair ag iarraidh go mbeadh an dara teanga ag a clann. Dar leis, tá luach ar leith leis an nGaeilge i gcúrsaí gnó chomh maith. “Tugann sé a lán oidhreachta agus cultúir dúinn,” a dúirt sé agus é ag cur síos ar an teanga. “Tugann sé scéal dúinn.”
Ba iad Gradaim Gnó na hÉireann an chéad chomórtas ar chuir Brian isteach air ó bhí an comórtas mionchomhlachtaí ann. Tá sé ag féachaint anois ar na deiseanna a bheidh ar fáil dó nuair a bhainfidh sé 18 mbliana d’aois amach.
“Táim ag smaoineamh conas tacú leis an ngnó agus conas é a fhorbairt,” a dúirt sé.
Idir an dá linn, tá Lionta Bars fós á reáchtáil aige sa Ghaelscoil dara leibhéal, agus is féidir teacht ar an ngnó ar Instagram ag @lionta.bars.