Ní raibh ach samhradh amháin curtha isteach ag Méin Nic Craith i mbun a caifé sa Rinn nuair a tháinig an scéala go raibh gradam náisiúnta buaite aici. Ainmníodh bunaitheoir an Tigín, atá 22 bliain d’aois, mar Fhiontraí Óg na Bliana san aoisghrúpa 18–25 ag Gradaim Ghnó na hÉireann 2026. Bronnadh an gradam uirthi sa Seomra Cruinn i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.
“Chuala mé go raibh mé ar an ngearrliosta agus bhí ionadh orm,” a dúirt Nic Craith le An Páipéar. Nuair a tháinig an teachtaireacht ag insint di go raibh an comórtas buaite aici, dúirt sí, “Níor chreid mé riamh é.”
I mbosca taobh amuigh de Thigh an Cheoil sa Rinn, i gcontae Phort Láirge, atá an Tigín lonnaithe. Bhí caifé sa bhosca cheana féin ach bhí sé díomhaoin le cúpla bliain nuair a chuir Seán, col ceathrar le Nic Craith, ceist uirthi an mbeadh suim aici tabhairt faoi. Bhí imeachtaí ceoil eagraithe aici sa teach tábhairne faoin am sin, ach ba é seo an chéad uair aici dul i mbun gnó.

“Shíl mé go mbeadh sé suimiúil é a thriail amach,” a dúirt sí. “Bhain mé triail as agus d’éirigh go maith leis. Bhí an-chabhair agam, bhí an t-ádh liom.”
Roghnaigh sí caife ó chomhlacht Mean Bean i bPort Láirge tar éis di roinnt cineálacha a bhlaiseadh. Bhí matcha, cácaí agus ceapairí tósta ar an mbiachlár chomh maith. Rinne sí féin agus a tuismitheoirí an chócaireacht agus an bhácáil sa bhaile. Bhí taithí sa teaghlach aici le tarraingt uirthi, mar a dúirt sí féin, “Is cócaire í mo mháthair.”
Dar le Nic Craith, bhí baint ag an gcaifé leis an obair chultúrtha a bhí ar bun aici cheana féin. Bhíodh sí ag comhrá le muintir na háite agus í i mbun an Tigín i lár an pharóiste, agus bhí oícheanta cultúrtha á n-eagrú aici sa teach tábhairne freisin.
“An aidhm atá agam i gcónaí ná pobal na háite a thabhairt le chéile agus an ceol agus an amhránaíocht agus an cultúr a choimeád beo i measc an phobail sin,” a dúirt sí.
Luaigh sí an tionchar a bhí ag Coláiste na Rinne agus ag an meánscoil áitiúil ar an spéis atá aici sa teanga agus i gcultúr na háite. D’fhoghlaim sí amhráin áitiúla ar scoil agus bhí ranganna aici ar stair an cheantair. Tá sí ag déanamh staidéir ar na tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá imeacht sa Rinn á phleanáil aici mar thionscadal deiridh dá cúrsa, le béim ar cheol agus ar ealaíona na háite.
Tá Nic Craith i mbun scrúduithe faoi láthair, ach tá sí ag smaoineamh ar an Tigín a oscailt ar feadh tamaill um Nollaig. Tá sé i gceist aici an caifé a oscailt arís an samhradh seo chugainn agus seans go mbeidh sé ar oscailt níos faide ná mar a bhí i mbliana. Tá an Tigín ar Instagram ag @tiginanrinn.