Tá gradam bainte amach ag An Croí, Teach Caife agus Bistro i Machaire Rátha, Co. Dhoire, ag Gradaim Ghnó na hÉireann. Dúirt bainisteoir an chaifé, Cormac Gaston, le An Páipéar go raibh an fhoireann iontach sásta leis an aitheantas agus go raibh teaghlaigh áitiúla ag teacht isteach chun an Ghaeilge a bhí á foghlaim acu a úsáid agus iad ag ordú bia nó ag iarraidh boird.
Ó thosaigh sé mar bhainisteoir i mí Lúnasa tá Gaston ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid i ngnáthobair an chaifé. Cuirtear seirbhís dhátheangach ar fáil agus fágtar faoin gcustaiméir féin cén teanga is mian leo a labhairt. Bíonn bricfeasta, lón, tae agus caife ar fáil seacht lá na seachtaine.
“Tá sé tábhachtach nach bhfuil muid á gcur faoi bhrú,” a dúirt sé, agus é ag tagairt do dhaoine a bhíonn neirbhíseach agus iad ag baint triail as a gcuid Gaeilge. Dúirt sé gur éirigh leis baill foirne a earcú a bhfuil Gaeilge acu, daoine ón nGaelcholáiste ina measc, agus go bhfágann sin gur féidir an teanga a úsáid go rialta agus iad ag freastal ar chustaiméirí.

Dar le Gaston tá feachtas Labhair Gaeilge Liom, atá ar siúl sa cheantar faoi láthair, ag tabhairt cúis do dhaoine triail a bhaint as an méid Gaeilge atá acu. Tá tuismitheoirí ag teacht isteach lena bpáistí chun iad a spreagadh le labhairt, a dúirt sé, agus tugann na cuairteanna sin misneach do na tuismitheoirí féin níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Is leor cúpla focal agus bord á iarraidh nó ordú á dhéanamh, dar leis.
Dúirt Gaston go bhfreastalaíonn breis agus céad duine ar na ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl sa Charn gach Luan agus Céadaoin. Feiceann sé ról don chaifé mar áit shuaimhneach inar féidir leo an méid a fhoghlaimíonn siad sna ranganna a úsáid. Thug sé suntas freisin don athrú atá tagtha ar úsáid na teanga sa cheantar ó bhí sé féin ag obair sa Ghaelcholáiste agus é ina dhéagóir. Chaith sé tuairim is deich mbliana thar lear agus dúirt sé gur léir dó an fás atá tagtha ar an nGaeilge ó d’fhill sé.
Tá tráthnóna Gaeilge beartaithe ag An Croí agus an Nollaig ag druidim linn, agus tá tuilleadh imeachtaí trí Ghaeilge á mbeartú don bhliain úr.