Trí bhonn óir do Leabhair & Lattes i gCeatharlach

Máiréad Ní Cheallaigh, Jeff Gallagher, Patrice Gallagher agus Aodhán Mac Cormaic

Tá trí bhonn óir bainte amach ag Leabhair & Lattes, siopa leabhar agus caifé i mbaile Cheatharlach, ag Gradam Gnó na hÉireann 2026. Fuair an gnólacht bonn óir i ngach ceann de na trí chatagóir, mar atá comharthaíocht, margaíocht agus brandáil, agus seirbhís do chustaiméirí.

Ghlac Patrice Gallagher, as Móinteach Mílic, Co. Laoise, leis na gradaim ag an searmanas i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Ag labhairt le An Páipéar, dúirt sí gur chuir sé áthas ar leith uirthi an t-aitheantas a fháil agus gan í ach bliain ag foghlaim na Gaeilge.

“Is le bliain anuas a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil an oiread sin dul chun cinn déanta agam,” a dúirt sí.

Dúirt Gallagher gur chuidigh Glór Cheatharlach léi imeachtaí a reáchtáil agus gur thug ÁIS tacaíocht di freisin. Luaigh sí an ról a bhí ag beirt bhall foirne agus ag cainteoirí Gaeilge an bhaile.

“Tá pobal beag Gaeilge i gCeatharlach agus tagann siad isteach sa siopa go rialta chun an Ghaeilge a úsáid,” a dúirt sí. “Thug an bheirt ar an bhfoireann an-tacaíocht dom chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa siopa agus chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge féin.”

Cuireadh an gnólacht chun cinn ar dtús mar shiopa leabhar agus caifé Gaeilge. Tá cur chuige níos dátheangaí á ghlacadh anois chun daoine ar bheagán Gaeilge a chur ar a gcompord.

“Bíonn beagán faitís ar dhaoine áirithe agus iad ag teacht isteach,” a dúirt Gallagher. “Bhí drochthaithí ag cuid acu ar an nGaeilge agus iad ag fás aníos. Déanaimid iarracht freastal orthu de réir an mhéid Gaeilge atá acu.”

Tá leabhair do pháistí agus do léitheoirí líofa ar na seilfeanna, chomh maith le hábhar do dhaoine ar mhaith leo cúpla focal a fhoghlaim. Dúirt Gallagher go dtugann an caifé deis di aithne a chur ar chustaiméirí. “Is maith liom a cheapadh gur áit dheas, shuaimhneach, chompordach í ar féidir le daoine teacht isteach inti,” a dúirt sí.

Beidh mic léinn ó Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt i mbun seisiún Craft le Chéile sa siopa. “Beidh beagán cróise agus cniotála trí Ghaeilge ann, agus comhrá réchúiseach,” a dúirt Gallagher. Tá seisiún cluichí boird trí Ghaeilge beartaithe do mhí na Nollag freisin, áit a mbeidh deis ag tosaitheoirí agus ag daoine ar an meánleibhéal an Ghaeilge atá acu a úsáid agus iad ag imirt.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.