Bhuaigh Nemeton TV trí bhonn óir ar an gcéad iarracht ag Gradaim Gnó na hÉireann. Thug an comhlacht léiriúcháin, a bunaíodh i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge, bonn óir leis i ngach catagóir ag an searmanas i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.
Bronnadh na boinn ar Nemeton as a chuid comharthaíochta, as a chuid brandála agus margaíochta agus as an tseirbhís a chuireann sé ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge. Thaisteal ionadaithe Ghlór na nGael ar fud na tíre i rith an tsamhraidh chun measúnú a dhéanamh ar ghnólachtaí sna trí chatagóir.
Bhunaigh Irial Mac Murchú Nemeton TV sa bhliain 1993. Ag labhairt dó le An Páipéar, dúirt sé gur tháinig úsáid na Gaeilge sa ghnó go nádúrtha ón tús agus nár ghnách leis an gcomhlacht cur isteach ar chomórtais a bhain leis an teanga. “Tá an Ghaeilge ionainn, is cuid dínn í,” a dúirt sé.