
An Ghaeltacht (Ciarraí) 2-12 (18) Achadh Bolg (Corcaigh) 1-8 (11) Cóilín DuffyLean forlámhas Chiarraí i bpeil idirmheánach na gclubanna ar aghaidh Dé Sathairn agus craobh na Mumhan ag an nGaeltacht tar éis dóibh Achadh Bolg a shárú le seacht gcúilín i gcluiche ceannais na Mumhan i bPáirc Mhichíl Neville, Ráth Caola. Bhí 1,216 de lucht…

Cóilín DuffyBhuaigh Daingean Uí Chúis craobh shinsearach club na Mumhan ar bhealach thar a bheith drámatúil Dé Domhnaigh i ndiaidh cic buacach ó Chonchúr Ó Géibheannaigh i gcoinne Fhionnbarra Naofa i Stáid Semple. Ba í an cic deireanach den chluiche é agus d’fhág sé lucht leanúna Dhaingean Uí Chúis ar mhuin na muice tar éis…
Cóilín Duffy Sheol an Ghaeltacht teachtaireacht láidir ar fud na tíre tráthnóna Dé Sathairn agus iad ag breith chraobh idirmhéanach na Mumhan leo arís, an chéad uair ó 2017, tar éis bua cuimsitheach ar Achadh Bolg. Agus is beag duine a d’aontódh nárbh é fíor-fhear an chluiche é Cathal Ó Beaglaoich, a raibh tionchar gan…

Cóilín DuffyTá dhá chloch mhíle mhóra bainte amach i saol teanga na Ríochta Aontaithe an tseachtain seo, agus athruithe stairiúla i bhfeidhm do Ghaeilge na hAlban don, Albainis agus don Choirnis araon. Ar Lá Fhéile Aindrias tháinig acht nua teangacha na hAlban i bhfeidhm, a thugann stádas oifigiúil do Ghaeilge na hAlban agus don Albanisi…
Tá sé tráthúil go bhfuil an feachtas Trasna na dTonnta ar siúl an tseachtain seo, mar is é an feachtas sin atá ag cur i gcuimhne dúinn nach teanga bheag í an Ghaeilge, ach teanga dhomhanda le pobail bhríomhara scaipthe ar fud an domhain mhóir. Nuair a fhéachaimid thar theorainneacha na hÉireann, feicimid fírinne dhearfach…

Cóilín DuffyD’fhoilsigh Cumann Lúthchleas Gael máistirphlean sceideal 2026 an tseachtain seo, ag leagan amach struchtúr soiléir do shéasúr iomlán an chumainn. Tá béim ar leith ar shoiléire, ar chothromaíocht idir club agus contae, agus ar amchreat a sholáthraíonn deis pleanála níos fearr d’fhoirne, do lucht riaracháin agus do lucht leanúna araon. Leanfaidh an bhliain ar…

Cóilín Duffy Tá deireadh seachtaine fíorthábhachtach romhainn i gcraobhchomórtas club peile na Mumhan, agus dhá chluiche a rachaidh go mór i gcion ar phobal peile Chiarraí agus Chorcaí araon. Dé Domhnaigh i Staid Semple i dTiobraid Árann tabharfaidh Daingean Uí Chúis aghaidh ar Chumann Fionnbarra Naofa ó Chathair Chorcaí (Beo ar TG4), agus iad ar…
Cóilín Duffy Bhí bród i bPáirc an Chrócaigh le deanaí nuair a tugadh aitheantas náisiúnta do 54 club ar fud na tíre as a gcuid oibre ar son na Gaeilge ag ócáid bhliantúil Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (FSMD). Ina theannta sin, bronnadh boinn ar chúig bhord contae a ghlac páirt sa rannóg nua do bhoird,…

Cóilín Duffy Is fada a théann pobal CLG i mbun obair dheonach thar lear, ach i mbliana cuireadh leathanach úr i scéal an spóirt agus i réimse na gníomhaíochta aeráide. Thuirling grúpa 30 imreoir idirchontae ó Éirinn in Uganda le déanaí, áit a ndearnadh gaisce ar dhá bhealach: oscailt na chéad chúirte liathróide láimhe riamh…

Cóilín Duffy Tá Coiste Contae Thiobraid Árann tar éis cinneadh stairiúil a dhéanamh agus a aontú d’aon ghuth Ger Ryan ó Chumann Uí Chíonáin Teampall Doire a ainmniú mar iarrthóir d’oifig Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ag Comhdháil 2026. Má éiríonn leis, bheadh sé ar an gcéad duine ó Thiobraid Árann leis an bpost a bhaint…