“Ní bhíonn fothoghcháin riamh faoi shuíochán amháin. Is deis iad don phobal teachtaireacht shoiléir a chur chuig an rialtas. Agus an tseachtain seo, is cosúil go bhfuil an teachtaireacht sin níos géire ná riamh.”
Cé gur i gceantair aonair a bhíonn fothoghcháin ar siúl, bíonn tábhacht náisiúnta leo i gcónaí. Is minic a úsáideann vótálaithe iad mar bhealach chun a míshástacht, a n-imní agus a bhfrustrachas a chur in iúl. Ní hamháin faoi ainmneacha ná faoi pháirtithe a bhíonn siad. Is tomhas iad ar mheon an phobail ag tráth faoi leith.
I nGaillimh tá ceisteanna na tithíochta agus forbairt na cathrach le cloisteáil go láidir ar na doirse. Tá praghsanna cíosa agus tithe ag ardú i gcónaí, agus tá brú ollmhór ar dhaoine óga agus ar theaghlaigh atá ag iarraidh fanacht ina gceantar féin. Tá ceisteanna tráchta, iompar poiblí agus forbairt bonneagair ag cruthú frustrachais chomh maith. I gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe tá imní ann freisin faoin easpa tithíochta do chainteoirí Gaeilge agus faoin tionchar atá aige sin ar thodhchaí na teanga mar ghnáth-theanga pobail.