
Tá ceithre stáisiún traenach nua le tógáil i gContae na Mí mar chuid de phleananna móra chun líne iarnróid nua a nascfaidh an Uaimh le Baile Átha Cliath a fhorbairt. D’fhoilsigh Iarnród Éireann an bealach is dealraithí a roghnófar don tionscadal an tseachtain seo agus tá comhairliúchán poiblí oscailte anois chun tuairimí an phobail a bhailiú faoin togra uaillmhianach.
Leathnófar an líne nua 34 ciliméadar ó Ollpháiric M3 in aice le Dún Búinne, le stáisiúin nua beartaithe i nDún Seachlainn agus i gCill Mheasáin, chomh maith le dhá stáisiún nua san Uaimh, an Uaimh Láir agus an Uaimh Thuaidh. Tá trí láthair pháirceála agus thaistil beartaithe freisin i gCill Mheasáin, i nDún Seachlainn agus ag ar an Uaimh Thuaidh, rud a chabhróidh le comaitéirí ó cheantair eile cosúil le Ceanannas agus an Cabhán.
Faoi láthair is í an Uaimh an baile is mó in Éirinn nach bhfuil ceangal iarnróid aici. Tá feachtais ar bun le blianta fada anuas chun an líne a thabhairt ar ais don cheantar, go háirithe agus daonra na Mí ag méadú go tapa. De réir an daonáirimh is déanaí, tháinig méadú 13% ar dhaonra an chontae idir 2016 agus 2022, agus tá an líon is mó sa tír ann de dhaoine a chaitheann níos mó ná uair an chloig ag taisteal chun na hoibre. Tá brú ag méadú freisin ar na seirbhísí bus idir an Uaimh agus Baile Átha Cliath, le méadú 21% tagtha ar líon na bpaisinéirí ar phríomhbhealaí Bus Éireann le trí bliana anuas.
Leanfaidh an bealach nua cuid mhaith den tseanlíne iarnróid a dúnadh in 1963, cé go mbeidh athrú ar an ailíniú chun freastal níos fearr a dhéanamh ar Dhún Seachlainn agus ar na ceantair máguaird. Tá sé beartaithe go dtógfaidh an turas idir an Uaimh agus Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath thart ar uair an chloig. Soláthrófar seirbhísí díreacha DART agus beidh cumas ann traenacha a rith gach cúig nóiméad déag le linn buaicuaireanta, ag iompar suas le 4,400 paisinéir in aghaidh na huaire i ngach treo.
Beidh imeachtaí eolais phoiblí ar siúl ar an Uaimh, i nDún Seachlainn agus i gCill Mheasáin sna seachtainí amach romhainn, chomh maith le seimineár ar líne ar an 18 Meitheamh. Tá sé beartaithe iarratas pleanála a chur isteach in 2028 agus tús a chur leis an tógáil in 2030.
- Ionad Ealaíon Solstice, an Uaimh — Dé Céadaoin an 27 Bealtaine, 2pm–8pm
- Ionad Tréadach Dhún Seachlainn — Déardaoin an 4 Meitheamh, 2pm–8pm
- Ionad Oideachais na hUaimhe — Dé Máirt an 9 Meitheamh, 3pm–8pm
- Station House Hotel, Cill Mheasáin — Dé Máirt an 16 Meitheamh, 2pm–8pm
- Seimineár Poiblí Ar Líne — Déardaoin an 18 Meitheamh, 7.30pm–8.30pm.
Beidh an comhairliúchán poiblí oscailte go dtí 5pm Dé hAoine an 3 Iúil 2026. Tá sonraí iomlána an tionscadail agus foirm aiseolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann (https://www.irishrail.ie/navan-line) .