Cáineadh géar ar rialacha nua faoi chostais dlí timpeallachta

Tá cáineadh láidir déanta ag an gColún Comhshaoil ar rialacháin nua an rialtais maidir le costais dlí in athbhreithnithe breithiúnacha comhshaoil, agus iad ag maíomh go mbeidh na hathruithe “tubaisteach” do chosaint an chomhshaoil agus don ghníomhú ar son na haeráide in Éirinn.

Shínigh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien, agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Seirbhísí Poiblí, Athchóirithe agus Digitiúcháin, Jack Chambers, rialacháin nua an tseachtain seo a chuireann córas nua táillí i bhfeidhm do chásanna athbhreithnithe breithiúnaigh a bhaineann le dlí comhshaoil.

Faoi na rialacha nua cuirfear teorainn le méid na gcostas dlí is féidir le hiarratasóirí rathúla a fháil ar ais ón stát. Deir an rialtas go gcuirfidh sé seo creat níos soiléire agus níos intuartha ar fáil maidir le costais, agus go laghdóidh sé moilleanna ar thionscadail bhonneagair agus fuinnimh in-athnuaite.

Ach de réir an Cholúin Comhshaoil, líonra náisiúnta d’eagraíochtaí comhshaoil, tá an beart “cúlchéimnitheach” agus déanfaidh sé dochar mór don chuntasacht phoiblí agus don cháilíocht cinnteoireachta sa chóras pleanála.

Dúirt Attracta Uí Bhroin ó Thionscnamh Dlí Comhshaoil na hÉireann nach seasann argóintí an rialtais faoi rochtain ar cheartas “leis an bhfírinne”. Dar léi, bíonn daoine aonair agus eagraíochtaí beaga comhshaoil ag brath ar aisghabháil costas chun a bhfoirne dlí féin a íoc má éiríonn leo sa chúirt.

“Faoi na rialacha nua, d’fhéadfá do chás a bhuachan agus fós bille ollmhór dlí a bheith ort,” a dúirt sí. “Beidh éifeacht fhuaraithe aige seo ar ghnáthdhaoine atá ag iarraidh dúshlán cinntí mídhleathacha a thabhairt.”

Dúirt Caroline Whyte ó Feasta go bhfuil sé “dainséarach agus aineolach” a mhaíomh go gcuideoidh na teorainneacha nua le “cothromaíocht” a chruthú idir an comhshaol agus an leas poiblí. “Ní féidir leas an phobail a scaradh ón gcomhshaol folláin,” a dúirt sí.

Tá an díospóireacht tar éis dul i bhfeidhm ar cheist na tithíochta chomh maith. Deir lucht an fheachtais nach fíor an mhaíomh go bhfuil géarchéim na tithíochta á cruthú ag athbhreithnithe breithiúnacha. Luaigh siad taighde ón dlíodóir comhshaoil Fred Logue a léiríonn go bhfuil líon na gcásanna i gcoinne ceadanna tithíochta ag titim bliain i ndiaidh bliana, agus go bhfuil méadú tagtha ar chásanna a thionscnaíonn forbróirí féin.

Idir an dá linn, deir an rialtas go gcosnóidh an córas nua airgead an cháiníocóra agus go gcabhróidh sé le bonneagar riachtanach a chur chun cinn. Dúirt an tAire Chambers go gcruthóidh na rialacháin “córas níos soiléire agus níos trédhearcaí”, agus go mbeidh ceart ag iarratasóirí rathúla fós costais a ghnóthú faoi scála nua táillí.

Tháinig na rialacháin nua i bhfeidhm Dé Luain seo caite an 18 Bealtaine.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.