Suirbhé faoi dhearcthaí an phobail i leith na Gaeilge foilsithe

In Óstán Buswells Dé Máirt d’fhoilsigh Foras na Gaeilge An Suirbhé ar Dhearcthaí an phobail i leith na Gaeilge 2025. Rinne Coláiste na Tríonóide an suirbhé i gcomhar le IPSOS B&A. Rinneadh an suirbhé ar 1,498 duine (1,000 sna 26 contae agus 498 sna 6 chontae). Bhí an tAire Dara Calleary ag an bpreasócáid. Is iad na hOllúna Cóilín Ó Floinn agus Noel Ó Murchadha a scríobh tuarascáil an tsuirbhé seo.

Ba iad príomhthorthaí an tsuirbhé:

  • Tá formhór na bhfreagróirí ó thuaidh agus ó dheas i bhfabhar na Gaeilge, 78% sna 26 contae agus 55% sna 6 chontae
  • Tá 9% de na freagróirí ó dheas agus 4% ó thuaidh ag rá go labhraíonn siad Gaeilge gach lá. Más fíor sin tá éagsúlacht ann ó dhaonáireamh na 26 chontae a deir go bhfuil 1.7% den daonra ag rá go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Níor cuireadh ceist an é taobh istigh nó taobh amuigh den chóras oideachais atá na cainteoirí sin sa suirbhé.
  • Todhchaí dhátheangach is ea an rogha is coitianta le Béarla mar an phríomhtheanga, 55% sna 26 chontae agus 44% sna 6 chontae.
  • Tá tacaíocht don Ghaeloideachas agus múineadh na Gaeilge níos airde ná suirbhéanna roimhe seo.
  • Tá an naimhdeas in aghaidh an Ghaeilge níos ísle sa tír ar fad, fiú amháin ina measc siúd a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu ó thuaidh
  • Dúirt 48% de na freagróirí ó dheas agus 47% ó thuaidh nach bhfuil an rialtas ag déanamh go leor don teanga. Ba sin an sciar is mó de fhreagróirí.
  • D’easaontaigh 60% gur cheart go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge ina chúram d’eagraíochtaí deonacha seachas an rialtas. Tá impleachtaí don toradh sin don phleanáil teanga ina bhfuil an phleanáil teanga leagtha ar ghrúpaí deonacha seachas an rialtas.
  • Dúirt 70% gur chóir go mbeidh státseirbhísigh ina ann plé leo i nGaeilge.
  • Dúirt 89% gurb í an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht an tionscnamh is tábhachtaí don rialtas i leith na Gaeilge.

Tá na húdair tar éis moltaí a chur sa tuarascáil ag éirí as torthaí an tsuirbhé. Deir na húdair, ‘Tugann an bhearna idir dearcthaí fabhracha i leith na Gaeilge agus na leibhéil chumais sa teanga le fios go bhfuil gá le hidirghabhálacha leanúnacha atá spriocdhírithe ar fhorbairt teanga ar feadh an tsaoil.’  

Seo na moltaí:

  1. Tús áite a thabhairt i mbearta beartais d’fhorbairt chórasach ar inniúlacht chumarsáide ar fud an chórais oideachais, ón réamhscoil, i rith na scolaíochta éigeantaí, agus ar aghaidh go deireadh an bhreisoideachais agus an ardoideachais, chomh maith leis an oideachas aosach agus an fhorbairt ghairmiúil leanúnach.
  2. Is gá an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar sa chóras oideachais.
  3. Athbhreithniú a dhéanamh ar dhíolúintí na Gaeilge.
  4. Deiseanna foghlama Gaeilge a leathnú taobh amuigh  den scolaíocht éigeantach.
  5. An Ghaeilge a bheith níos lárnaí i gcúrsaí tríú leibhéal.
  6. Straitéis a chruthú chun níos mó cúrsaí trí Ghaeilge a bheith sna hollscoileanna.
  7. An Ghaeilge a aithint d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach
  8. Institiúid um fhoghlaim na Gaeilge a bhunú.

Is spéisiúil gur moltaí a bhaineann leis an gcóras oideachas amháin atá anseo.

Chur An Páipéar ceist ar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, de bharr nach raibh mórán moltaí ó thuarascálacha Gaeilge curtha i bhfeidhm roimhe seo, an raibh sé i gceist ag Foras na Gaeilge na moltaí sa tuarascáil seo a chur i bhfeidhm. Dúirt an Príomhfheidhmeannach go mbeidh siad ag breathnú ar na moltaí ach gan a ghealladh go gcuirfear gach moladh i bhfeidhm, ach tá súil acu gníomhú orthu sna míonna atá romhainn.  Beidh le feiceáil an ndéanfar é sin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.