Tá ardú mór tagtha ar chíosanna ar fud na tíre ó tháinig rialacha nua an rialtais maidir leis an earnáil cíosa i bhfeidhm ar an 1 Márta, de réir figiúirí nua ón suíomh réadmhaoine Daft.ie.
Léiríonn an tuarascáil gur tháinig méadú 4.4% ar chíosanna idir mí na Nollag agus mí an Mhárta, an t-ardú ráithiúil is mó atá taifeadta ag Daft.ie ó thosaigh siad ag bailiú sonraí in 2002. Tá cíosanna anois níos mó ná trian níos airde ná mar a bhí siad roimh phaindéim COVD-19 agus beagnach 80% níos airde ná mar a bhí deich mbliana ó shin.
De réir na tuarascála is é €2,100 an meánchíos anois d’árasán dhá sheomra leapa go náisiúnta. Bhí na harduithe ba mhó le feiceáil i nGaillimh, áit ar tháinig ardú 18% ar chíosanna thar bhliain amháin. Bhí ardú 13% i gCorcaigh, 10% i Luimneach agus 8% i bPort Láirge. I mBaile Átha Cliath bhí cíosanna 6.9% níos airde ná mar a bhí anuraidh.