
Tá éacht suntasach bainte amach ag Cumann Sacair Gaeilge tar éis dóibh aitheantas oifigiúil a fháil mar an ball is nua de CONIFA ag cruinniú cinn bliana na heagraíochta i Lefkoşa/Nicosia sa Chipir Thuaidh, rud a chuireann pobal labhartha na Gaeilge ar ardán idirnáisiúnta nua sa sacar den chéad uair riamh.
Is eagraíocht idirnáisiúnta é CONIFA, Cónaidhm na gCumann Sacair Neamhspleách, a chuireann comórtais agus ardán sacair ar fáil do náisiúin, do mhionlaigh, do phobail agus do réigiúin nach bhfuil ionadaíocht oifigiúil acu faoi scáth FIFA.
Is céim mhór chun cinn é seo do lucht na Gaeilge, agus do lucht an spóirt araon, tar éis tréimhse fhada ullmhúcháin agus obair choiste a bhí dírithe ar Chumann Sacair Gaeilge a bhunú do phobail Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Ag an gcruinniú cinn bliana glacadh go foirmiúil lena n-iarratas, rud a chiallaíonn go mbeidh Cumann Sacair Gaeilge anois mar chuid de líonra domhanda CONIFA.
Tá fís uaillmhianach ag an gcumann. Tá sé beartaithe acu foirne idirnáisiúnta a fhorbairt, agus an Ghaeilge a chur i gcroílár gach gné den tionscnamh. Ní hamháin gur tionscadal spóirt é seo, ach gluaiseacht chultúrtha a bhfuil sé mar aidhm aici an teanga a chur chun cinn i suíomh nua-aimseartha, pobail agus idirnáisiúnta.
Faoi láthair, léiríonn figiúirí go bhfuil Gaeilge ag thart ar 39.8% de dhaonra Phoblacht na hÉireann — beagnach 1.9 milliún duine — cé nach labhraíonn ach timpeall 72,000 duine í go laethúil. Feiceann Cumann Sacair Gaeilge deis anseo úsáid na Gaeilge a leathnú trí mheán an spóirt, agus pobail nua a mhealladh isteach inti trí ghníomhaíocht fhisiciúil agus chairdiúil.
Tá an obair sin tosaithe cheana féin ar an talamh. Le cúpla mí anuas, tá grúpa sacair trí Ghaeilge ag bualadh le chéile gach Luan i nDoire, áit a mbíonn daoine ag imirt agus ag sóisialú trí mheán na Gaeilge. Tá sé i gceist anois an smaoineamh sin a leathnú níos faide, le pleananna grúpaí nua a bhunú i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath go luath amach anseo, rud a chruthóidh líonra náisiúnta do lucht sacair agus Gaeilge araon.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá cuireadh faighte cheana féin ag Cumann Sacair Gaeilge a gcéad chluiche idirnáisiúnta a imirt i gcoinne na Chálastáine sna West Midlands i Sasana. Má éiríonn leis sin is é sin a chéad uair a sheasfaidh foireann sacair faoi bhratach na Gaeilge ar pháirc idirnáisiúnta.
Dar leo siúd atá páirteach sa tionscnamh is faoi níos mó ná sacar atá sé, is faoi fhéiniúlacht, phobail agus todhchaí na Gaeilge atá sé. Trí dheis nua a chruthú do dhaoine an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs spraíúil, oscailte agus idirnáisiúnta, tá Cumann Sacair Gaeilge ag tabhairt aghaidh úr don teanga.
Tá an cumann anois ag iarraidh ar dhaoine a bhfuil spéis acu ann páirt a ghlacadh, cibé acu mar imreoirí, mar oibrithe deonacha nó mar lucht tacaíochta. Is féidir clárú trí bit.ly/sacargaeilge, agus tá Cumann Sacair Gaeilge le fáil ar Facebook chomh maith, chomh maith le CSGaeilge ar Instagram.
Leis an aitheantas stairiúil seo ó CONIFA tá tús curtha le ré nua do Ghaeilge agus don sacar — ré ina mbeidh an teanga le cloisteáil ní hamháin sna scoileanna agus sna pobail, ach ar pháirceanna imeartha idirnáisiúnta freisin.