BRÚ ar TG4. Ceathrar Gaeilgeoirí óga ag tabhairt aghaidh ar éilimh dhiana an spóirt neamhghairmiúil

Tá léargas úr, pearsanta agus spreagúil le teacht ar TG4 níos déanaí an mhí seo le BRÚ, clár faisnéise nua dhá chuid a dhíríonn ar shaol ceathrar lúthchleasaithe óga Gaeilge a bhfuil a gcroí agus a n-anam tugtha acu don spórt neamhghairmiúil agus iad ag iarraidh barr a gcumais a bhaint amach.

Sa tsraith nua, a chraolfar Déardaoin an 21 agus 28 Bealtaine ag 9.35 pm, leanfar Róisín Nic Ruairí, Fódhla Nic Pháidín, Kaci Rock agus Pádraig Ó Dochartaigh agus iad ag cothromú dhianriachtanais na traenála, bhrú na hiomaíochta agus ghnáthdhúshláin an tsaoil laethúil.

Tá láithreacht láidir ag Dún na nGall sa tsraith, agus triúr de na príomhphearsaí lonnaithe sa chontae. Ina measc tá Róisín Nic Ruairí as Rann na Feirste, captaen fhoireann peile ban Dhún na nGall, a bhfuil aisling mhór aici Craobh na hÉireann a thabhairt abhaile. Mar thraenálaí aclaíochta agus mar cheannaire ar an bpáirc, léirítear an brú leanúnach a bhaineann le bheith i gceannas agus ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach i gcónaí.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.