Réaltaí Éireannacha i Sraithchomórtas Pheil Astrálach na mBan le himirt i gcluiche ceannródaíoch in aghaidh na hAstráile

Cóilín Duffy

Tá cluiche stairiúil idir Éire agus an Astráil sa pheil Astrálach fógartha go hoifigiúil den chéad uair riamh, agus beidh cuid de na himreoirí ban is fearr in Éirinn páirteach sa chluiche ceannródaíoch a bheidh ar siúl sa North Sydney Oval ar an 1 Lúnasa seo chugainn.

Dheimhnigh an AFL, Sraithchomórtas na Peile Astrálaí, an tseachtain seo go mbeidh an cluiche idirnáisiúnta ar siúl ag 4.15 pm am na hAstráile agus 6.15 am am na hÉireann, agus meastar go mbeidh slua mór i láthair sa staid 16,000 suíochán. Beidh an cluiche á imirt coicís roimh thús shéasúr AFLW, Sraithchómórtas Pheil Astrálach na mBan, 2026, a gcuirfear tús leis an tseachtain dar tús Dé Luain an 10 Lúnasa.

Is ócáid mhór é seo do pheil Astrálach na mban agus do na himreoirí Éireannacha atá tar éis dul i bhfeidhm go mór ar Shraithchómórtas Pheil Astrálach na mBan le blianta beaga anuas. Tá 46 imreoir Éireannach anois ar chonarthaí le clubanna i Sraithchómórtas Pheil Astrálach na mBan, rud a léiríonn an tionchar ollmhór atá ag peil Ghaelach na hÉireann ar an gcomórtas Astrálach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.