Náisiúnaithe i mbarr a réime in Albain, sa Bhreatain Bheag agus sna sé chontae

Beidh comhoibriú ar bunidir ceannairí na rialtas cineachta in aghaidh rialtas na Ríochta Aontaithe

Jack Mac Íomhair

I ndiaidh toghchán comhairlí ollmhór i Sasana, tá torthaí suntasacha i ndiaidh teacht amach ón Bhreatain Bheag agus Albain fosta. 

Tháinig Plaid Cymru chun tosaigh sa Bhreatain Bheag, ag cur deireadh le 100 bliain de smacht Pháirtí an Lucht Oibre sa tír. Ar a bharr sin tá Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba ar bheagán beag níos lú ná tromlach iomlán in Taigh an Ròid. 

Leis na Náisiúnaithe chun tosaigh in Albain agus sa Bhreatain Bheag, agus Sinn Féin ar an pháirtí is mó sa Tionól, cad a chiallaíonn sé seo don Ríocht Aontaithe?

Dúirt ceannaire Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba, John Swinney, go bhfuil fonn air obair leis na ceannairí sa Bhreatain Bheag agus sna sé chontae chun dul i ngleic le polasaithe Pháirtí an Lucht Oibre maidir le costas maireachtála agus caiteachas rialtas na Ríochta Aontaithe.

Sna sé chontae dúirt an Chéad-Aire, Michelle O’Neill, go raibh cainteanna aici féin agus Mary-Lou McDonald leis an bheirt cheannairí.

Labhair sí faoin fhéidearthacht atá acu chun obair le chéile i dtreo todhchaí níos fearr dá ndaoine faoi seach. Dúirt O’Neill nach féidir neamhaird a dhéanamh ar an fhonn le haghaidh neamhspleáchais.

Dhiúltaigh Gavin Robinson don scéal ar fad atá déanta ag na páirtithe áirithe, ag rá gur chaith daoine vóta in éadan Phríomh-Aire na Breataine Keir Starmer, in áit vóta a chaitheamh ar son dheireadh na Ríochta Aontaithe.

In ainneoin na cuma atá ar Athchóiriú RA ar an taobh amuigh gur tacadóirí láidre iad ar son aontachtais, is léir ón méid atá ráite ag Nigel Farage b’fhéidir nach amhlaidh an cás.

Dúirt Farage go ndéanfaidh sé ath-idirbheartaíocht chun Comhaontú Aoine an Chéasta a athrú chun an Chairt Eorpach um Chearta an duine a fhágáil, agus ní rún é go síleann siad go dtéann barraíocht airgid i dtreo na sé chontae.

Agus Starmer faoi bhrú anois cá bhfios cad a tharlóidh i gceann trí bliana.


Ó chlé: Céad-Aire na Breataine Bige agus Ceannaire Plaid Cymru, Rhun ap Iorwerth; Céad-Aire na h-Alban agus Ceannaire Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (SNP) John
Swinney; agus an Chéad-Aire in Stormont, Michelle O’Neill.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.