Bronnadh aitheantas ar chuid de na pearsana agus eagraíochtaí ba mhó tionchar i saol spóirt na hÉireann ag Gradaim Thionscal Spóirt na hÉireann 2026 de chuid Chónaidhm Spóirt na hÉireann, a reáchtáladh i Halla Bancála Fhaiche an Choláiste i mBaile Átha Cliath le slua mór i láthair. Bhí ceannaireacht, nuálaíocht, cuimsiú agus comhpháirtíocht idir an spórt agus saol an ghnó i gcroílár na hócáide i mbliana.
Ba í an bua ba mhó a tharraing aird ar an oíche ná an Gradam ar son Sáréachta agus Cion do Spórt na hÉireann a bhronnadh ar Helen O’Rourke, iar-Phríomhfheidhmeannach Chumann Pheil Gael na mBan, mar aitheantas ar a seirbhís do pheil na mban agus do spórt na hÉireann le breis agus tríocha bliain.
Chaith O’Rourke 28 bliain mar Phríomhfheidhmeannach ar Chumann Pheil Ghael na mBan agus bhí sí ina hUachtarán ar an gcumann chomh maith. Le linn a tréimhse i gceannas tháinig borradh agus gairmiúlacht nua chun cinn san eagraíocht, agus d’éirigh leis an gcumann aitheantas náisiúnta níos láidre a bhaint amach. Faoina ceannaireacht mhéadaigh an bhallraíocht, bunaíodh comhpháirtíochtaí suntasacha nua agus shroich freastal ar chluichí leibhéil nua. Bhí ról lárnach aici freisin i stiúradh an chumainn trí thréimhse dheacair phaindéim COVID-19.