Tá sé dearbhaithe ag breitheamh ardchúirte gur sháraigh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann ceanglas dleathach maidir le glacadh le Straitéis Ghaeilge, den tríú huair ó 2017. Dúirt an Breitheamh McAlinden go bhfuil an dualgas reachtúil fós gan chomhlíonadh agus go bhfuil Coiste an Fheidhmeannais, dá bhrí sin, ag sárú alt 28D d’Acht Thuaisceart Éireann 1998. Mhol sé…
Tá cáineadh déanta ag coireolaí agus oibrí pobail ar Scéim Atreoraithe Sláinte nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus é ag maíomh gur mó an tairbhe a dhéanfaidh sí d’úsáideoirí drugaí meánaicmeacha nó saibhre ná do dhaoine a bhfuil ciontuithe roimhe seo acu. Tháinig an scéim i bhfeidhm ag meán oíche agus tugann sí rogha eile…

Tá tionchar suntasach ag eispéiris luatha, dearcadh leanaí ar an scoil, ionchais a dtuismitheoirí agus cúinsí socheacnamaíocha ar a dtorthaí oideachais níos déanaí sa saol, de réir léargas nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh (POS). Foilsíodh 20 léargas oideachais Dé Máirt chun comóradh a dhéanamh ar 20 bliain den staidéar Fás Aníos in Éirinn, an staidéar fadaimseartha…

Tá liosta ainmneacha na stoirmeacha don 12 mhí amach romhainn fógartha ag Met Éireann, ag Oifig Meitéareolaíochta na Breataine agus ag seirbhís aimsire na hÍsiltíre, KNMI. Tá 21 ainm ar an liosta don séasúr 2026/2027. Is iad Austen, Boelo agus Chloe na chéad ainmneacha a úsáidfear, agus ina ndiaidh sin beidh Dano, Evelyn, Finn, Gwendolyn,…
Tá an t-achrann maidir le mórshiúl Oráisteach i nDroim Crí ag tarlú le blianta fada sna sé chontae. Bhí na blianta is conspóidí agus is foréigní idir 1995 agus 2000 nuair a bhí an fócas ar fad ar Bhóthar Gharbhachadh. Bhí Bhain roinnt dúnmharuithe leis an achrann, dúnmharú sibhialtach amhail Michael McGoldrick agus Rosemary Nelson,…

Tá cúigear taibhealaíontóirí roghnaithe ag an Oireachtas don scéim chónaitheach nua I Láthair, a thabharfaidh deis dóibh a gcleachtas ealaíne a fhorbairt agus saothair úra a chruthú in ionaid ealaíon agus chultúrtha ar fud na tíre. Tá an scéim dírithe ar thaibhealaíontóirí Gaeilge atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht agus a bhfuil an teanga mar…

Tá iarratais á lorg ó mhná i gceantair Ghaeltachta ar mian leo gnó nua a thosú nó gnólacht óg a fhorbairt le haghaidh Cumasú Tús, clár fiontraíochta saor in aisce a mhairfidh dhá sheachtain déag. Tá an clár á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus á sheachadadh ag Moil Nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus…

Thacaigh an carthanas Depaul le 8,204 duine ar fud oileán na hÉireann in 2025, méadú 12% ar an mbliain roimhe sin, de réir thuarascáil tionchair nua na heagraíochta. Bhí 5,630 duine fásta agus 2,574 leanbh i measc na ndaoine a fuair cúnamh ó Depaul. Dúirt an carthanas gur léirigh na figiúirí an brú mór atá…
Céim ar gcúl don Aontas Eorpach ba ea toradh reifreann na hÍoslainne i dtaobh cainteanna a chur sa siúl arís maidir le ballraíocht san Aontas. Dhiúltaigh na vótálaithe 52.8% in aghaidh 47.2% do mholadh an rialtais cainteanna faoi bhallraíocht a thosú arís. Bhí cleas soiléir ag an rialtas sa chaoi ar chuir siad an moladh…
Tá vóta ollmhór tugtha ag baill cheardchumann Fórsa atá fostaithe san earnáil phoiblí i bhfabhar gníomhaíocht thionsclaíoch, suas go dtí agus lena n-áirítear dul ar stailc, mar gheall ar an aighneas faoi phá. I mballóid ina raibh breis agus 64,000 ball i dteideal vóta a chaitheamh, thacaigh 96.6% díobh le gníomhaíocht thionsclaíoch. Is é Fórsa…