
Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais ó chlubanna do Thráth na gCeist Gaeilge CLG 2026, comórtas a chuirfidh eolas na n-iomaitheoirí ar chúrsaí CLG, ar stair, ar chultúr agus ar chúrsaí reatha faoi scrúdú. Ní mór do chlub ar mian leis foireann a chur isteach sa chomórtas teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó…

Mhol laoch CLG Chorcaí Seán Óg Ó hAilpín do dhaoine éisteacht le tráchtaireacht spóirt as Gaeilge mar bhealach spraíúil agus praiticiúil chun dul i ngleic leis an teanga. Rinne sé an moladh ag seoladh oifigiúil Phlean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí 2026-2029, a rinne Ardmhéara Chorcaí, an Comhairleoir Damian Boylan, i Halla na Cathrach Dé…

Tá an Dr Máire Mhic Ghiolla Íosa tar éis éirí as a post mar chathaoirleach neamhspleách ar an nGrúpa Stiúrtha um Chomhtháthú, atá ag maoirsiú aontú Chumann Lúthchleas Gael, Chumann Pheil Gael na mBan agus an Chumainn Camógaíochta. Dúirt iar-Uachtarán na hÉireann go raibh sí “croíbhriste” agus nár bhraith sí go raibh aon rogha aici…

Tabharfaidh Katie Taylor aghaidh ar Flora Pili i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn an 5 Meán Fómhair (Beo ar RTÉ 2 / RTÉ Player / RTÉ 2fm / DAZN – 8 pm) i dtroid a mheastar a bheidh ar an gceann deireanach dá gairmréim stairiúil. Beidh deis ag Taylor a bheith ina curadh domhanda éadrom-mheáchain…

Cuireadh tús le Comórtas Oscailte Éireannach Ban KPMG ag an K Club i gCo. Chill Dara inné an 27 Lúnasa, agus 16 imreoir Éireannacha, an líon is airde riamh, cothrom leis an taifead a socraíodh anuraidh, páirteach. Is í Leona Maguire atá i gceannas ar dhúshlán na hÉireann ar chúrsa Palmer South. Tá naonúr gairmithe…
Den chéad uair riamh reáchtálfaidh Bearna Na Forbacha Aontaithe Comórtas Sacair na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo, agus sé fhoireann faoi 12 ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa Spórtlann, na Forbacha, Dé Sathairn. Cuirfear tús leis an gcomórtas ag meán lae agus beidh dhá ghrúpa de thrí fhoireann ann. Imreofar 20 nóiméad an taobh…

Oíche den scoth a bhí ann i bPáirc Netwatch Uí Chuilinn i gCeatharlach oíche Dé Luain agus na mílte duine i láthair do chluiche carthanachta Iománaíocht ar son Taighde Ailse. Cé gur bhuaigh Rogha Davy Russell ar Réalta Jim Bolger, ba é an dul chun cinn sa troid in aghaidh na hailse an toradh ba…
Tá CLG Bhaile Átha Cliath ag lorg thuairimí bhaill a chlubanna agus Plean Gaeilge nua á fhorbairt aige don tréimhse 2027–2030. Is é príomhchuspóir an phlean úsáid agus feiceálacht na Gaeilge a mhéadú ar fud na heagraíochta, ag cluichí, sna clubanna agus i bpobal CLG na príomhchathrach. Tá suirbhé ar líne seolta ag an eagraíocht…

Bhain an Chalastáin bua 6-0 in éadan Chumann Sacair Gaeilge in Wolverhampton oíche Dé Sathairn, ach ní thugann an scór deiridh léargas iomlán ar an iarracht a rinne foireann na hÉireann ina gcéad chluiche idirnáisiúnta. Bhí an cluiche stairiúil ar siúl sa Guardian Warehousing Arena in Willenhall. Imreoirí le Gaeilge ó gach cearn den tír…

Bhí seachtain stairiúil ag lúthchleasaithe agus snámhaithe na hÉireann ar ardán na hEorpa, agus naoi mbonn tugtha abhaile acu idir dhá chraobhchomórtas mhóra. Bhuaigh an fhoireann lúthchleasaíochta ceithre bhonn in Birmingham agus ghnóthaigh na snámhaithe cúig cinn i bPáras, mar aon le sraith de thaifid náisiúnta agus taispeántas a léirigh doimhneacht nua i spórt na…