Cluiche ceannais chraobh shinsir pheile na Mí
Bhulf Tón 1-19 (21)
Domhnach Mór/Cill Dhéagláin 0-12 (12)
“Is iontach an mothúchán é. Táimid sa tóir ar an gcraobh seo le cúig nó sé bliana anuas, ó bhuaigh muid í an uair dheireanach. Shíl gach duine nach raibh ionainn ach foireann a raibh rath aonuaire uirthi.”
Ba iad sin focail Thomas O’Reilly tar éis do Bhulf Tón craobh shinsearach pheile na Mí a bhuachan den tríú huair riamh, agus Domhnach Mór/Cill Dhéagláin a shárú, 1-19 le 0-12, sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh.
Bhí O’Reilly ar dhuine de na himreoirí ba thábhachtaí ag foireann Shane McCoy, a bhain Corn Mhic Aodhagáin den dara huair le cúig bliana anuas, tar éis dóibh díomá chluiche ceannais 2024 a chur taobh thiar díobh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!