Amhrán na seachtaine: Amhráinín Síodraimín

Bhí úcaire mór seang cois Bandan is long aige,
Amhráinín síodraimín siosúram só;
Gearrchaile ‘s caidhp uirthi ‘s greim aige ‘r chúl uirthi,
Amhráinín síodraimín siosúram só.

Cúrfá:
Máirtín cé mór liom é tráilírim tráiléirim,
‘Bhallaí dá bhfuadach ag neart gaoithe, neart gaoithe,
Port Láirge ‘s cuanta parúsam préidildí,
Amhráinín síodraimín siosúram só.

Bhí seanbhean sa tinteán is banlámh de phíp aici,
Amhráinín síodraimín siosúram só;
Tobac ar an urlár ‘na shúgán mar shúiste ‘ci,
Amhráinín síodraimín siosúram só.

(Cúrfá)

Go baile Chionn tSáile chuaigh Máirtín a’ píobaireacht,
Amhráinín síodraimín siosúram só;
Bailigh bean agus fiche ar mire ‘na thimpeall ann,
Amhráinín síodraimín siosúram só.

(Cúrfá)

Lean Mallaí sa bhád é, ‘s a máthair á tionlacan,
Amhráinín síodraimín siosúram só;
Ba ghairid ‘na dhiaidh sin go raibh Máirtín ar crúca ‘cu,
Amhráinín síodraimín siosúram só.

(Cúrfá)

Tá úcaire mór seang cois Bandan is cúram air,
Amhráinín síodraimín siosúram só;
Beirt bhan sa tinteán is cliabhán sa chlúid aige,
Amhráinín síodraimín siosúram só.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.