Cluiche ceannais chraobh f17 na Gaillimhe
CLG Mícheál Breathnach 3-14 (23)
Uarán Mór-Mearaí 2-10 (16)
Chuir CLG Mícheál Breathnach deireadh le fanacht 49 bliain ar chraobh pheile mhionúir A na Gaillimhe Dé Domhnaigh seo caite, nuair a sháraigh siad Uarán Mór-Mearaí ar 3-14 le 2-10 i gcluiche ceannais corraitheach i Staid an Phiarsaigh.
Beidh deis ag foireann Thomáis Uí Neachtain cur lena rath anocht, Dé hAoine, nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Muire-Cill Tochairt, seaimpíní Liatroma, i gcluiche ceathrú ceannais chraobh pheile mhionúir A Chonnacht ag Ionad Barr Feabhais Chonnacht i mBéacán, Co. Mhaigh Eo, ag 7pm.
Ba é seo an chéad chraobh ag an leibhéal seo a bhuaigh club Indreabháin ó 1977, nuair a bhain siad an dara ceann de dhá chraobh as a chéile.