An chéad chruinniú cinn bliana ag an gCumann Sacair Gaeilge agus blitzchomórtas beartaithe i mBéal Feirste

Beidh cloch mhíle thábhachtach á baint amach ag an gCumann Sacair Gaeilge Dé Máirt seo chugainn nuair a reáchtálfar an chéad chruinniú cinn bliana i stair an chumainn, agus blitzchomórtas sacair d’fhir agus do mhná le bheith ar siúl i mBéal Feirste níos déanaí an mhí seo.

Beidh an cruinniú cinn bliana ar siúl ar Zoom Dé Máirt an 10 Samhain ag 7pm, agus tá fáilte roimh gach duine a bhfuil spéis acu i bhforbairt an tsacair trí Ghaeilge freastal air.

Tá an cumann ag lorg baill nua don choiste agus daoine atá sásta cuidiú le forbairt na heagraíochta sna blianta amach romhainn.

Beidh deis ag lucht freastail an chruinnithe breathnú siar ar obair an chumainn go dtí seo agus plé a dhéanamh ar na deiseanna atá ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí mheán an tsacair.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.