Slán le Ciara Mageean, curadh na hEorpa a spreag glúin lúthchleasaithe

Tá saol spóirt na hÉireann faoi scamall bróin i ndiaidh bhás Chiara Mageean, curadh reatha na hEorpa agus duine de na lúthchleasaithe ba mhó a raibh meas agus gean ag muintir na tíre uirthi. Bhásaigh an bhean as Port an Pheire, Contae an Dúin, Dé Domhnaigh seo caite, agus í 34 bliain d’aois, tar éis di a bheith ag streachailt le hailse putóige.

Cuireadh Mageean Dé Máirt i ndiaidh Aifreann na sochraide in Eaglais Naomh Pádraig i mBaile Philib, Port an Pheire, áit ar tháinig na céadta daoine le chéile chun slán a fhágáil leis an mbean a thug an oiread sin bróid dá pobal agus dá tír.

Bhí ceangal láidir ag Mageean leis an gcamógaíocht ó bhí sí ina cailín óg, agus í ina himreoir le Cumann CLG Phort an Pheire sular dhírigh sí ar an lúthchleasaíocht. Ba chuid thábhachtach dá hóige an camán agus an sliotar, agus chothaigh an spórt foirne an spiorad iomaíochta agus an diongbháilteacht a bhí le sonrú ina gairmréim reatha ina dhiaidh sin. Cé gur bhain sí clú idirnáisiúnta amach ar an raon lúthchleasaíochta, ní dhearna sí dearmad ar a fréamhacha spóirt ná ar an bpobal inar tógadh í.

Léiríodh an ceangal sin arís ag a sochraid nuair a sheas baill de Chumann CLG Phort an Pheire i ngarda onóra in ómós di. Ba chomhartha croíúil é ar an meas a bhí ag a club dúchais uirthi agus ar an mbród a spreag a cuid éachtaí i measc mhuintir an cheantair. Cé gur ar na raonta reatha is mó a bhain sí cáil amach, ba sa phobal áitiúil agus ar na páirceanna camógaíochta a leagadh cuid de bhunchloch a gairmréime eisceachtúla.

Ba i mí Iúil 2025 a d’fhógair Mageean go raibh ailse putóige ag céim a ceathair uirthi. In ainneoin na diagnóise, lean sí uirthi ag labhairt go hoscailte faoina taithí agus faoin tábhacht a bhain le taitneamh a bhaint as an saol.

Ní raibh ach cúpla seachtain caite ó phós sí a páirtí fadtréimhseach, Thomas Moran, i mBéal Feirste. Reáchtáladh ceiliúradh eile dá bpósadh i gCaisleán Darver i gContae Lú, áit ar tháinig a muintir agus a cairde le chéile.

Bhain Mageean ceann de na héachtaí ba mhó i stair lúthchleasaíocht na hÉireann amach i mí an Mheithimh 2024 nuair a bhuaigh sí bonn óir sa rás 1,500 méadar ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa sa Róimh.

Ba í an dara bean as Éirinn, i ndiaidh Sonia O’Sullivan, a bhuaigh teideal aonair Eorpach sa lúthchleasaíocht. Bhí bonn cré-umha buaite aici in 2016 agus bonn airgid in 2022 sular bhain sí barr an chéimlín amach sa Róimh.

Bhí bonn airgid buaite aici freisin ag Cluichí an Chomhlathais i mBirmingham in 2022, agus chríochnaigh sí sa cheathrú háit ag Craobhchomórtais an Domhain i mBúdaipeist in 2023.

Rinne sí ionadaíocht d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha in Rio de Janeiro in 2016 agus i dTóiceo in 2021. Bhí sí le bheith páirteach sna Cluichí i bPáras in 2024, ach chuir gortú dá tendón Aichill deireadh lena cuid dóchais díreach roimh an gcomórtas.

Bhí ceithre churiarracht náisiúnta ina seilbh aici, sna rásaí 800 méadar, 1,000 méadar, 1,500 méadar agus míle.

Bhí ceangal ag Mageean le cur chun cinn na Gaeilge chomh maith, agus í fós ina déagóir. I mí an Mhárta 2010, agus í díreach 17 mbliana d’aois, ghlac sí páirt in Rith 2010, ollrith sealaíochta náisiúnta a eagraíodh chun an Ghaeilge a cheiliúradh agus a spreagadh i bpobail ar fud na tíre.

Bhí an ócáid bunaithe ar fhéile Korrika i dTír na mBascach, áit a mbíonn na mílte duine ag rith le chéile ar son a dteanga dúchais. Le linn Rith 2010, tugadh bata sealaíochta ó bhaile go baile ar feadh na gcéadta míle, agus ghlac na mílte duine páirt sa cheiliúradh.

Bhí Mageean ar dhuine de na lúthchleasaithe óga a thug tacaíocht don tionscnamh, agus ba léiriú é a rannpháirtíocht ar an gceangal idir an spórt, an pobal agus cur chun cinn na Gaeilge.

Bhí a gairmréim idirnáisiúnta ag teacht chun cinn go tréan ag an am. Cúpla mí ina dhiaidh sin, i mí Iúil 2010, bhuaigh sí bonn airgid sa rás 1,500 méadar ag Craobhchomórtais Sóisearacha an Domhain i gCeanada, éacht a chuir a hainm chun cinn ar ardán idirnáisiúnta na lúthchleasaíochta.

Ba chuimhne ar leith í a rannpháirtíocht in Rith 2010 do phobal na Gaeilge, agus í ina réalta óg a bhí sásta a cuid ama agus aitheantais a thabhairt d’fheachtas pobail ar son na teanga.

Bhí an tUachtarán Catherine Connolly i measc na ndaoine a thug ómós di, agus í ag tagairt dá cumas eisceachtúil, dá diongbháilteacht agus dá buanseasmhacht.

Dúirt an tUachtarán gur léirigh Mageean na tréithe céanna agus í ag déileáil lena tinneas agus a léirigh sí ar an raon reatha. Mhol sí freisin an tacaíocht a thug Mageean do dhaoine a bhí thíos leis an gcogaíocht in Gaza agus i gceantair eile.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur thug Mageean bród ollmhór d’Éirinn agus gur fhág sí oidhreacht shuntasach spóirt ina diaidh.

Thug Uachtarán Lúthchleasaíocht an Domhain, Sebastian Coe, ómós di freisin, ag rá go mbraithfí a cailliúint ar fud phobal idirnáisiúnta na lúthchleasaíochta.

Ag labhairt di ar RTÉ i mí an Mheithimh, dúirt Mageean go raibh sí meáite ar an oiread saoil agus ab fhéidir a chaitheamh sna blianta a bhí fágtha aici.

Cé gur bhain sí barr feabhais amach ar an ardán idirnáisiúnta, is cuimhne ar leith a bheidh ag muintir na hÉireann ar a pearsantacht, a hionracas agus an lúcháir a léirigh sí agus bratach na hÉireann timpeall uirthi sa Róimh.

D’fhág Ciara Mageean oidhreacht a shíneann i bhfad níos faide ná na boinn agus na curiarrachtaí. Beidh a hainm luaite go ceann i bhfad le glúin lúthchleasaithe ar spreag sí iad chun aislingí móra a bhaint amach.

Ar dheis Dé go raibh a hanam.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.