Amhrán na seachtaine: An Cailín Álainn

Tá cailín álainn, a dtug mé grá di,
Is í is deise, is áille, ná bláth ná rós.
Gan í ar lámh liom, is cloíte atá mé,
A chailín álainn, is tú fáth mo bhrón.

Curfá:
A chailín álainn, a dtug mé grá duit,
Ó bí ar lámh liom, mo mhíle stór,
Ó abair liomsa gur tú mo ghrá geal,
Beidh orm áthas in áit an bhróin.

Nuair a éirím amach go huaigneach,
Siúd é an uair, is mó mo bhrón
Bím ag smaoineamh ar an gcailín uasal
Atá i bhfad uaimse, mo chreach is mo bhrón.

[Curfá]

Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn,
Arís go brách, ní bheadh orm brón.
Sheinnfinn ceol duit mar cheol na gcláirsí,
Nó ceol binn smóilín is an drúcht geal ceo.

[Curfá]

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.