An chéad HYROX trí Ghaeilge ar domhan le reáchtáil i gCorcaigh

Beidh Corcaigh ar thús cadhnaíochta i gcur chun cinn na Gaeilge trí chúrsaí spóirt i mí Eanáir seo chugainn nuair a reáchtálfar an chéad imeacht HYROX trí mheán na Gaeilge ar domhan i bPáirc Musgrave, mar chuid de thionscnamh nuálach de chuid Ionad Oideachais Chorcaí.

Beidh an ócáid ar siúl Dé Domhnaigh, 31 Eanáir 2027, agus táthar ag súil go meallfaidh sí múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta, ceannairí scoile, tuismitheoirí agus baill eile de phobal na scoileanna ó fud fad Chorcaí agus níos faide i gcéin.

Is cuid den Phlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Béarla é an tionscnamh, a bhfuil sé mar aidhm aige deiseanna breise a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga.

Ag labhairt dó le An Páipéar dúirt Eamonn Ó hEosa, Stiúrthóir Ionad Oideachais Chorcaí, gur theastaigh uaidh rud éigin éagsúil a thriail a spreagfadh daoine chun an Ghaeilge a úsáid i suíomh neamhfhoirmiúil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.