
Labhair an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds le An Páipéar faoina chéad mhí sa ról Jack Mac Íomhair ‘Cosúil le cuid mhór daoine, bhí mise ag rá le blianta fada nach dtarlóidh sé seo.’ Sin a dúirt Pól Deeds le An Páipéar nuair a cuireadh ceist air faoina chuid smaointí sular chuir sé isteach…
Diarmuid Breatnach I measc na ngrúpaí agus na bpobal eitneach iomadúil ar shráideanna Chathair Londan i ndlúthpháirtíocht le stailceoirí ocrais Ghníomhaireacht na Palaistíne is iad na hÉireannaigh is mó a aithnítear, ag ardú an Trídhathaigh nó an Chéachta agus na Réaltaí taobh le bratach na Palaistíne. Nó fiú an ceann deiridh le ‘Saoirse don Phalaistín’…
Tá teachtaireacht na Nollag á scaipeadh ag an bhfoireann lasmuigh i gComhairle Cathrach na Gaillimhe i mbliana agus €3,220 bailithe acu ar mhaithe le trí cinn de charthanais áitiúla fhiúntacha. Thug na baill foirne €50 an duine ar an meán le go mbainfí an t-iomlán amach in am don Nollaig. A bhuíochas do fhlaithiúlacht na…

Cathal Ó Murchú Bhí Mícheál Martin go hiomlán neamhleithscéalach le linn chruinniú cinniúnach pháirtí pairliminte Fhianna Fáil a bhí ar siúl Oíche Dé Máirt agus plé á dhéanamh ar thuairisc faoi roghnú iarrthóra an pháirtí don toghchán uachtaránachta. Ní raibh aithreachas dá laghad air faoi na nósanna imeachta a leanadh nó nár leanadh maidir le…
Eoin Ó Murchú Tá easaontas ag dul i méad san Aontas Eorpach i dtaobh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh gur cóir sócmhainní na Rúise a ghabháil mar chomthaobhacht i gcoinne iasacht ón Eoraip don Úcráin. Mar a mhínigh mé roimhe seo in An Páipéar, tá leisce ar an mBeilg, ina bhfuil an chuid is mó de…

De réir na pobalbhreithe is déanaí tá Sinn Féin agus an PAD ar an leibhéal is ísle le 20 bliain Jack Mac Íomhair Rinneadh taighde i mí na Samhna ar son Institiúid an Léinn Éireannaigh ag Ollscoil Learphoill a léiríonn go bhfuil titim sa tacaíocht don dá pháirtí is mó sna sé chontae ón toghchán…
Eoin Ó Murchú Tubaiste don tionscal iascaireacht in Éirinn is ea an margadh a rinneadh i mBruiséal an tseachtain seo caite i dtaobh chomhpholasaí iascaireachta an Aontais Eorpaigh. Dar le Comhghuaillíocht Bhia Mara na hÉireann (SIA) beidh laghdú ar chuóta na hÉireann síos 57,000 tonna níos lú an bhliain seo chugainn.Shroich na ballstáit AE aontú…
Cathal Ó Murchú Rinne beirt antoisceach Ioslamacha ionsaí gan choinne ar shlua Giúdach ar Thrá Bondi i gCathair Sydney na hAstráile agus maraíodh cúig dhuine dhéag, idir shean agus óg, in eachtra oll-lámhaigh ar shlua a tháinig le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile an Tiomnaithe, Hanukkah, a tharlaíonn ag an am seo den…
Tá sé á mholadh do shaoránaigh de chuid na hÉireann a bhfuil cónaí orthu gan an cháipéisíocht chuí sna Stáit Aontaithe gan a theacht ar ais go hÉirinn le haghaidh na Nollag mar gheall ar imní faoi bhearta géara an Uachtaráin Donald Trump maidir le hinimirce mídhleathach. Tugtar rabhadh go bhféadfaí saoránaigh de chuid na…
Cóilín DuffyNíl ach 18.19% de pháistí agus daoine óga idir 3 agus 18 mbliana d’aois sa Ghaeltacht ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, de réir torthaí nua atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta sa tuarascáil Daonáireamh 2016–2022: Teaghlaigh, Páistí agus Daoine Óga sa Ghaeltacht Léiríonn na figiúirí seo go soiléir go bhfuil meath seasta ar úsáid na…