Dar le figiúirí ó oifig staidrimh an Aontais Eorpaigh is í Éire an dara tír is daoire de na 27 stát atá san AE, thar réimse earraí agus seirbhísí tipiciúla. Agus an tír is daoire san Aontas maidir le tithíocht, sláinte, alcól agus leictreachas.
Ar an iomlán tá praghsáil anseo 36% os cionn mheán an AE, agus níl Éire ach taobh thiar den Danmhairg i dtéarmaí na sraithe náire ardchostais.
Tháinig torthaí nua Eurostat ag am a bhfuil praghsanna ag ardú go leanúnach, go háirithe i gcás bia, fuinnimh agus cíosa.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!