Eoin Ó Murchú Bhí Ard-Choimisinéir an Aontais Eorpaigh um Ghnóthaí Eachtracha – ‘Ard’ go deimhin – Kaja Kallas, i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ag tabhairt achasán don rialtas faoi alúmana atá á onnmhairiú chun na Rúise ón monarcha in Eachinis, achasán in ainneoin nach bhfuil aon srian nó bac le honnmhairí alúmana…
Tá conspóid mhór ag baint le hionaid sonraí, an rialtas ag maíomh go gcuireann siad leis an ngeilleagar de bhrí go gcuireann siad comhthéacs fáiltiúil ar fáil don infheistíocht theicniúil ó thar lear, ach lucht cosanta na timpeallachta ag gearán go n-ardaíonn na hionaid chéanna praghas leictreachais don ghnáth-theaghlach agus go gcruthaíonn siad astaíochtaí breise…
Eoin Ó Murchú Tháinig na mílte ionadaithe ó 120 tír le chéile i Moscó le haghaidh Chomhdháil Slándála Idirnáisiúnta an tseachtain seo caite. Tá an Rúis tar éis an chuid is mó de thíortha na hAfraice, na hÁise agus Mheiriceá Laidinigh a mhealladh le comhdháil a chur chun cinn mar fhreagra ar bhagairtí an nuachoilíneachais…
Nuair a toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann ba de bhrí gur tháinig páirtithe na heite chlé, sa chiall is leithne den téarma sin, le chéile le bua cuimsitheach a bhaint amach ar pháirtithe an rialtais. Agus tháinig an comhoibriú sin i ndiaidh comhoibriú eile nuair a sheas na páirtithe clé le chéile le…

Eoin Ó Murchú Anois go bhfuil torthaí na bhfothoghchán againn, céard iad impleachtaí na dtorthaí sin, ar na páirtithe ar éirigh leo agus orthu siúd nár éirigh. Agus cén chomhartha a thugann na torthaí ar thodhchaí na polaitíochta, má thugann. Beidh ríméad cinnte ar na Daonlathaithe Sóisialta, cé go rabhthas ag tuar roimh ré gur…
Eoin Ó Murchú Táimid i dtaithí ar scéalta nuachta ón Úcráin nach n-oireann don scéal oifigiúil ceadaithe a bheith curtha faoi chois, ach is cinnte go bhfuil agallamh Tucker Carlson le Iulia Mendel, a bhí ina hurlabhraí preasa ag Volodymyr Zelenskyy tráth, róthábhachtach le go ndéanfaí neamhaird bhalbh air. Bhí Mendel ina hurlabhraí preasa agus…
Eoin Ó Murchú Tá fearg ag dul i méad ag áitritheoirí ar fud Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an gcaoi go bhfuil an chomhairle ag cur iachall orthu gléasanna luchtaithe a bhaint ón mbóthar poiblí i ndiaidh dóibh na céadta euro a chaitheamh á gcur i bhfeidhm. Tá feachtas ag an Roinn Iompair ag…

Déanann Eoin Ó Murchú machnamh ar fheachtas bolscaireachta an AE i leith saoirse cainte agus ar an bhfhírinne a bhréagnaíonn é. Eoin Ó Murchú Má shiúlann tú isteach i stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath, ar do bhealach go Gaillimh b’fhéidir, tá an póstaer seo os do chomhair amach: Saoirse Cainte – Cosain an rud atá…

Eoin Ó Murchú Tá tuilleadh brú ar Mhicheál Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil, i bhfianaise na pobalbhreithe is deireanaí a foilsíodh sa Sunday Independent Dé Domhnaigh seo caite. Ní hé go raibh aon rud nua ann, ach dheimhnigh sé treo ar ábhar buartha d’Fhianna Fáil é go bhfuil an páirtí sin ag dul síos…
Eoin Ó Murchú Tá an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (CSTGT), an ceardchumann is mó in Éirinn, tar éis a chur in iúl go bhuill siad ag iarraidh ar an bhfeidhmeannas ó thuaidh brostú le dlí a dhéanamh den Bhille Post Maith go luath, ag rá gur cloch mhíle nua maidir le cearta oibrithe…