An bhfuil Martin sa saol céanna is atá an chuid eile againn?

Eoin Ó Murchú

Uaireanta sílim nach mór dúinn a bheith inár gcónaí i gcruinne chomhthreomhar. Ar thaobh amháin, sa saol fíor, ní léiríonn géarchéim na tithíochta aon chomhartha maolaithe, agus daoine óga á bhfágáil amach as an ‘margadh’ agus a n-aislingí faoi theach féin a bheith acu ag dul i léig. Ach, ar an taobh eile, an Taoiseach, Micheál Martin ag maíomh go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh – dul chun cinn nach bhfeiceann an chuid eile againn agus dul chun cinn atá contrártha le figiúirí oifigiúla an rialtais féin.

D’inis an Taoiseach Micheál Martin don náisiún go “léiríonn nuashonrú ár bplean tithíochta go bhfuil móiminteam soiléir i seachadadh tithe nua. Tá príomhtháscairí ag gluaiseacht sa treo ceart, le críochnuithe tithe suas 26% agus árasáin suas 42%.”

Dea-scéal? Bhuel, ní go hiomlán. Léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh ag deireadh mhí Iúil gur thit – sea, thit – líon iomlán na gcríochnuithe cónaithe nua faoi 3.6% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh (8,823 críochnú i gcoinne 9,152). Thit críochnuithe árasán go géar faoi 12.2% idir bhlianta, agus tháinig meath géar ar réigiún Bhaile Átha Cliath le laghdú 16.4% ar chríochnuithe.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.