Cóilín Duffy Nuair a thit an cuirtín ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026 tráthnóna Dé Luain, bhí tuirse ar go leor daoine, ach bhí sásamh, bród agus mothú éachta le brath i measc mhuintir Chill Charthaigh. Tar éis míonna fada ullmhúcháin, cruinnithe agus d’obair dheonach, d’éirigh le CLG Chill Charthaigh deireadh seachtaine a chur ar…

Cóilín Duffy An Tearmann 1-10Baile Chláir 0-10 Bhí nóiméad draíochta ó Chiara Ní Ghairbheith i dtreo dheireadh an chluiche agus craobh sinsir na mban á breith leo ag an Tearmann i gComórtas Peile na Gaeltachta i dTamhnaigh den naoú huair, agus foirne Dhún na nGall ag cur labhsúr ar dheireadh seachtaine foirfe le trí chraobh…
Bhí bród agus áthas le cloisteáil i nguth Megan Ní Riain i ndiaidh don Tearmann corn sinsir na mban a ardú ag Comórtas Peile na Gaeltachta, tar éis dóibh bua crua a fháil ar Bhaile Chláir. Mar chaptaen na foirne d’admhaigh Ní Riain gur thug a cuid imreoirí urraim mhór don fhoireann a bhí rompu,…

Cóilín Duffy Bhain Gaoth Dobhair a gcéad chraobh shinsearach ag Comórtas Peile na Gaeltachta ó 2013 nuair a sháraigh siad Bhulf Tón na Mí i gcluiche ceannais dian i dTamhnaigh, agus chríochnaigh foirne Dhún na nGall deireadh seachtaine den scoth leis na cúig chraobh Ghaeltachta ar fad. Bhí Bhulf Tón ag iarraidh an ceathrú craobh…
Cóilín DuffyBhí bainisteoir Ghaoth Dobhair, Rónán Mac Niallais, thar a bheith sásta tar éis dá fhoireann an naoiú teideal i gComórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan i gCill Charthaigh, agus mhol sé an obair mhór a rinne an painéal iomlán le linn an deireadh seachtaine. Ag labhairt dó le An Páipéar i ndiaidh an bhua,…

Cóilín Duffy Chill Charthaigh (Dún na nGall) 2-5 (11)Clann na nGael (An Mhí) 1-6 (9) Bhain mná Chill Charthaigh craobh shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta amach i dTamhnaigh Dé Luain tar éis dóibh cath crua a thabhairt do Chlann na nGael as Contae na Mí i gcluiche ceannais corraitheach. Bhí tacaíocht mhór an bhaile taobh…
Cóilín DuffyBhí miongháire mór ar aghaidh Eva Gallagher i ndiaidh do Chill Chartha Craobh Shóisear na mBan ag Comórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan ar thalamh baile Dé Luain, agus í ainmnithe mar Imreoir an Chluiche i ndiaidh taispeántais den scoth sa chluiche ceannais. D’admhaigh Gallagher gur sprioc mhór a bhí sa chomórtas don fhoireann…

Cóilín Duffy Bhain Gaeil Fhanada craobh shóisir na bhfear de Chomórtas Peile na Gaeltachta den dara huair le cúig bliana anuas nuair a tháinig siad ar ais ó dheich gcúilín chun deiridh chun Tuar Mhic Éadaigh a shárú de shé chúilín i gcluiche ceannais den scoth i gCill Charthaigh Dé Luain. Ag leath ama bhí…
Cóilín Duffy Bhain Séamus Ó Frighil Gradam Cuimhneacháin Mhichíl Mhic Giolla Easpaig agus é tar éis a bheith ainmithe mar laoch na himeartha tar éis do Ghaeil Fhánada teacht ó dheich gcúilín chun deiridh le corn sóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan i gCill Charthaigh Dé Luain. Bhí muintir Fhánada faoi bhrú mór ag…

Cóilín Duffy Naomh Columba 2-8 Naomh Anna, Leitir Móir 2-6 Lean cailíní Naomh Columba lena n-ardú iontach i saol na peile nuair a bhain siad craobh idirmheánach Chomórtas Peile na Gaeltachta i gCill Charthaigh, tar éis dóibh Naomh Éanna as Leitir Móir a shárú i gcluiche ceannais corraitheach. Tar éis dóibh an chraobh shóisearach a…