Gaoth Dobhair ar bharr arís tar éis trí bliana déag feithimh

Cóilín Duffy

Bhain Gaoth Dobhair a gcéad chraobh shinsearach ag Comórtas Peile na Gaeltachta ó 2013 nuair a sháraigh siad Bhulf Tón na Mí i gcluiche ceannais dian i dTamhnaigh, agus chríochnaigh foirne Dhún na nGall deireadh seachtaine den scoth leis na cúig chraobh Ghaeltachta ar fad.

Bhí Bhulf Tón ag iarraidh an ceathrú craobh dóibh a bhuachan laistigh de shé bliana agus thug siad dúshlán láidir don fhoireann as Gaeltacht Dhún na nGall. Mar sin féin, ba iad fir Ghaoth Dobhair a léirigh an fuinneamh agus an cruinneas ba mhó sna nóiméid ba thábhachtaí den chluiche.

Ba iad fir na Mí a thosaigh níos fearr. Fuair Saran Ó Fionnagain cúilín luath sular chuir sé dhá chic thar an trasnán fiche soicind níos déanaí chun tús foirfe a thabhairt dá fhoireann. Níor lig Gaoth Dobhair dóibh imeacht rófhada chun cinn, áfach, agus d’fhreagair Ethan Ó hÉarcáin le cic saor sular laghdaigh Éamonn Ó Coilm an bhearna.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.