Megan bródúil as bua an Tearmainn

Bhí bród agus áthas le cloisteáil i nguth Megan Ní Riain i ndiaidh don Tearmann corn sinsir na mban a ardú ag Comórtas Peile na Gaeltachta, tar éis dóibh bua crua a fháil ar Bhaile Chláir.

Mar chaptaen na foirne d’admhaigh Ní Riain gur thug a cuid imreoirí urraim mhór don fhoireann a bhí rompu, a bhí ag iarraidh trí chraobh as a chéile a bhreith leo.

“Bhí a fhios againn cé chomh láidir is a bhí siad,” a dúirt sí le An Páipéar. “Foireann iontach atá iontu agus bhí muidne lán d’fhuinneamh agus de dhíograis mar gheall air sin. Bhí muid ag iarraidh ár ndícheall a dhéanamh os comhair ár bpobail féin.”

Chuir sí béim ar an mbuntáiste a bhain leis an gcomórtas a bheith á óstáil i nDún na nGall, rud a thug spreagadh breise don fhoireann.

“Bhí sé speisialta a bheith ag imirt níos gaire don bhaile. Bhí aithne againn ar an bpáirc agus bhí an tacaíocht ann. Chabhraigh sé sin linn, gan dabht.”

Bhí an cluiche thar a bheith teann ón thús deireadh agus d’aontaigh Ní Riain gur chas an cúl cinniúnach an cluiche ina bhfabhar.

“Ba chluiche é a d’fhéadfadh dul ceachtar bealach. Bhí sé scór ar scór agus cic ar chic ar feadh an ama. Thug an cúl sin buntáiste beag dúinn, ach níor mhothaigh muid riamh go raibh an cluiche buaite.”

Dúirt sí gur beag tábhacht a bhain leis an dá chúilín a bhí eatarthu ag leath ama mar go raibh a fhios acu go raibh foireann Bhaile Chláir in ann teacht ar ais isteach sa chluiche ag am ar bith.

Cé go bhfuil an Tearmann fós gan chloí in 2026 agus ag baint torthaí maithe amach sa tsraith, tá an captaen ag iarraidh fanacht dírithe ar na spriocanna atá rompu.

“Ba é ár gcéad sprioc craobh na Gaeltachta a bhuachan. Tá sé sin déanta anois. Tógfaimid cluiche ar chluiche as seo amach agus feicfimid cá dtabharfaidh an bhliain sinn. Tá muid sa treo cheart, ach tá neart oibre fós romhainn,” a dúirt Ní Riain.