Deireadh seachtaine speisialta i gCill Charthaigh a fhanfaidh i gCuimhne na ndaoine go ceann i bhfad

Cóilín Duffy

Nuair a thit an cuirtín ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026 tráthnóna Dé Luain, bhí tuirse ar go leor daoine, ach bhí sásamh, bród agus mothú éachta le brath i measc mhuintir Chill Charthaigh. Tar éis míonna fada ullmhúcháin, cruinnithe agus d’obair dheonach, d’éirigh le CLG Chill Charthaigh deireadh seachtaine a chur ar fáil a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine go ceann i bhfad.

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann de na himeachtaí is speisialta i bhféilire CLG na tíre. Ní hamháin gur féile spóirt í, ach is ceiliúradh í ar an nGaeilge, ar an gcultúr agus ar an gcairdeas idir clubanna Gaeltachta ó cheann ceann na tíre. Bhí na tréithe sin go léir le sonrú i gCill Charthaigh an deireadh seachtaine seo caite.

Ar an bpáirc imeartha ba le Dún na nGall an deireadh seachtaine gan aon agó. Rug Conallaigh na craobhacha léir leo: Gaoth Dobhair, an Tearmann, Naomh Columba, Gaeil Fhánada agus Cill Charthaigh. Léiriú eile a bhí ann ar neart na peile Gaeltachta sa chontae agus chuir sé ábhar mór ceiliúrtha ar fáil do lucht tacaíochta Dhún na nGall.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.