Beidh pobal na Gaeilge ag triall ar Ráth Chairn an deireadh seachtaine seo nuair a bheidh Féile na Gealaí ar siúl ón 5 go dtí an 7 Meitheamh. Tá clú agus cáil bainte amach ag an bhféile mar an t-aon fhéile champála lán-Ghaeilge in Éirinn, agus tá sí ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód i mbliana.
Tá clár cuimsitheach imeachtaí ullmhaithe ag na heagraithe, a mheallfaidh idir theaghlaigh, ceoltóirí, filí agus lucht na Gaeilge. Cuirfear tús leis an bhféile tráthnóna Dé hAoine le cóisir cheoil faoi stiúir Dhónaill Mhic Ruairí sa Típí, agus leanfaidh an spraoi go dtí deireadh na seachtaine le meascán d’imeachtaí cultúrtha agus siamsaíochta.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl Dé Sathairn tá seisiún speisialta ag Baby Guinness a dhéanfaidh iniúchadh ar an ngaol idir an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban, ceardlann damhsa Dabke don Phalaistín, agus Tamhacht Taistil sa Típí le Mrs Ó. Beidh Gaelgháirí ar siúl tráthnóna chomh maith, sula tabharfaidh IMRAM ceiliúradh ar cheol hip hap na Gaeilge i seisiún speisialta a thaispeánfaidh an chruthaitheacht nua atá ag teacht chun cinn sa teanga. Beidh céilithe agus ceol beo mar chuid lárnach den deireadh seachtaine freisin.
Ó bunaíodh Féile na Gealaí in 2016 tá sí tar éis ardán uathúil a chruthú do cheol, do litríocht agus d’ealaíona na Gaeilge agus Ghaeilge na hAlban. Tá nasc láidir cothaithe aici idir pobail na Gaeilge in Éirinn agus cainteoirí Ghaeilge na hAlban na hAlban, rud a chuireann le saibhreas cultúrtha na féile gach bliain.
Le ceol, campáil, comhrá agus cultúr le fáil ar feadh trí lá, tá gach rud réidh do cheiliúradh speisialta i gcroílár Ghaeltacht na Mí an deireadh seachtaine seo.