Cúl órga ag Ní Ghairbheith agus a naoú craobh faighte ag an Tearmann

Cóilín Duffy

An Tearmann 1-10
Baile Chláir 0-10

Bhí nóiméad draíochta ó Chiara Ní Ghairbheith i dtreo dheireadh an chluiche agus craobh sinsir na mban á breith leo ag an Tearmann i gComórtas Peile na Gaeltachta i dTamhnaigh den naoú huair, agus foirne Dhún na nGall ag cur labhsúr ar dheireadh seachtaine foirfe le trí chraobh bainte acu.

Bhí an cluiche thar a bheith cothrom ar feadh breis agus uair an chloig agus ní raibh ach cúilín idir na foirne nuair a tháinig an buaicphointe sa tríú nóiméad is seasdca. Chuir Gearóidín Nic Lochlainn, a bhí thar barr arís d’fhoireann an Tearmainn, pas iontach isteach chuig Ní Ghairbheith. Ní dhearna sí botún ar bith, ag ciceáil na liathróide go cumhachtach isteach faoi dhíon an chúil, rud a chuir an Tearmann chun tosaigh 1-10 go 0-9 agus a shocraigh cinniúint na craoibhe.

Bhí tús láidir ag foireann Dhún na nGall in ainneoin na gaoithe láidre. D’oscail Nic Lochlainn an scór le saor agus chuir Roisín Nic Eachmarcaigh agus Gráinne Nic Eachmarcaigh lena mbuntáiste le cúil mhaithe tar éis ruathair ón leathchúlaí agus ón leathchúlaí sciatháin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!