Taispeántas misnigh ó Ghaeil Fhanada i gcluiche ceannais soisir na bhfear

Cóilín Duffy

Bhain Gaeil Fhanada craobh shóisir na bhfear de Chomórtas Peile na Gaeltachta den dara huair le cúig bliana anuas nuair a tháinig siad ar ais ó dheich gcúilín chun deiridh chun Tuar Mhic Éadaigh a shárú de shé chúilín i gcluiche ceannais den scoth i gCill Charthaigh Dé Luain.

Ag leath ama bhí cuma na maitheasa ar an bhfoireann ó Mhaigh Eo agus iad chun tosaigh 2-8 in éadan 0-4 tar éis taispeántas ceannasach sa chéad leath. Ach léirigh fir Fhánada spiorad, seasmhacht agus ardchaighdeán sa dara leath chun an cluiche a iompú bun os cionn agus an corn a thabhairt ar ais go Tír Chonaill.

Chuir Fánaid tús maith leis an gcluiche le cúilíní ó Phádraig Mac Giolla Chearra agus Oisín Ó Siadhail a d’fhág iad chun tosaigh go luath. Ach de réir mar a chuaigh an chéad leath ar aghaidh ghlac Tuar Mhic Éadaigh smacht ar imeachtaí.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.