Bhí Clodagh Ní Ailis ar dhuine de laochra móra Naomh Columba agus iad ag tabhairt coróin idirmheánach na mban ó Chomórtas Peile na Gaeltachta abhaile leo ó Chill Charthaigh, le sraith sábhálacha den scoth ón gcúl báire ag cabhrú lena foireann an bua a fháil.
Tar éis an chluiche d’admhaigh Ní Ailis gur cath crua a bhí ann ón tús. “Bhí a fhios againn agus muid ag dul isteach sa chluiche go mbeadh sé deacair. Rinne an líne chúil obair iontach agus chuidigh sin go mór liomsa sa chúl,” a dúirt sí le An Páipéar.
Tagann an bua seo bliain amháin tar éis do Naomh Columba an chraobh shóisearach a bhuachan, agus creideann Ní Ailis go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an gclub. “Thosaigh muid ag obair go dian sa gheimhreadh, sa tseomra aclaíochta agus ar an pháirc. Tá sé iontach an corn a bhuachan chomh gar don bhaile agus na mílte daoine ón Ghleann anseo chun tacaíocht a thabhairt dúinn.”
Tá Naomh Columba i mbarr roinn a haon i nDún na nGall faoi láthair agus tá cúig bhua acu as cúig chluiche. Deir Ní Ailis gur comhartha é sin den dul chun cinn atá déanta ag an gclub. “Cúpla bliain ó shin bhí muid i roinn a trí agus sa ghrád shóisearach. Tá sé iontach anois a bheith ag dul in iomaíocht leis na foirne is láidre sa chontae.”
Mhol sí freisin an caighdeán atá ag peil na mban sa cheantar agus an tionchar dearfach atá ag rath na bhfoirne ar fad. “Cuireann sé caighdeán na peile chun cinn sa Ghleann agus spreagann sé gach duine sa chlub.”
Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an mbua i gcomórtas a bhfuil fréamhacha láidre Gaeltachta aige. “Tá Naomh Columba i ndiaidh cúig chraobh Uile-Éireann de Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan agus tá sé dochreidte a bheith páirteach in dhá cheann acu as a chéile. Tá sé fíorspeisialta don chlub agus don cheantar.”