Chill Charthaigh (Dún na nGall) 2-5 (11)
Clann na nGael (An Mhí) 1-6 (9)
Bhain mná Chill Charthaigh craobh shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta amach i dTamhnaigh Dé Luain tar éis dóibh cath crua a thabhairt do Chlann na nGael as Contae na Mí i gcluiche ceannais corraitheach.
Bhí tacaíocht mhór an bhaile taobh thiar d’fhoireann Chill Charthaigh agus bhí gá leis sin sna nóiméid dheireanacha nuair a chuir Clann na nGael brú ollmhór orthu agus iad sa tóir ar chúl a d’athródh toradh an chluiche. Bhuail iarracht amháin an cuaille agus chríochnaigh liathróid eile sa líon, ach níor ghlac an réiteoir leis an gcúl, rud a thug faoiseamh mór do lucht tacaíochta Chill Charthaigh.
Ní raibh sé cosúil leis na cluichí eile a d’imir Cill Charthaigh sa chomórtas, áit ar scóráil siad go fras. Chuir an bháisteach éadrom agus neart fisiciúil fhoireann na Mí dúshlán éagsúil rompu agus bhí gach pointe le troid go dian air.