
Eoin Ó Murchú Dhírigh ionsaithe SAM ar an long chogaidh Iaránach IRIS Shahid Sayyad Shirazi, coirbhéad diúracán den aicme Shahid Soleimani, ag bunáit chabhlaigh Bandar Abbas i ndeisceart na hIaráine Dé Céadaoin. D’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go mairfidh an cogadh in aghaidh na hIaráine ar feadh seachtainí fada eile, agus go ndéanfar…
Tháinig na sonraí chun solais i bhfreagra ar cheist ón Chomhalta den Tionól Reachtach Gerry Carroll Jack Mac Íomhair De réir figiúirí a tháinig chun solais an tseachtain seo, bhain Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) úsáid as bogearraí aghaidh-aitheanta conspóideacha níos mó ná 2,000 uair ó mhí na Samhna 2021. Chuir Gerry Carroll, comhalta den…

Cóilín DuffyBhí Sráid Chill Dara dubh le daoine Dé Máirt seo caite nuair a tháinig pobail Ghaeltachta, feachtasóirí agus ceoltóirí le chéile faoi bhratach an ghrúpa tithíochta náisiúnta Tinteán chun agóid chumhachtach a reáchtáil lasmuigh de Theach Laighean. Bhí siad ag éileamh gníomh láithreach ón Aire Tithíochta, James Browne, maidir leis an ngéarchéim thithíochta agus…
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil ciste caipitil breise €235,000 ceadaithe aige chun tacú le hearnáil na pleanála teanga. Rinne sé an fógra agus é i láthair ag an Mórthionól Pleanála Teanga i gCaisleán an Bharraigh Dé Luain an 2 Márta 2026. Beidh an maoiniú ar fáil ar…
Cathal Ó Murchú Ó tarraingíodh an iaruachtarán ar na Stát Aontaithe, Bill Clinton, agus a iar-Chéad Bhean, Hilary Clinton, os comhair an Choiste Tí um Maoirseacht agus Leasú Rialtais de chuid Theach na nIonadaithe na Stát Aontaithe, nochtaíodh nasc suntasach idir an t-iar-Uachtarán agus Jeffrey Epstein, fear anois a mbaineann fíor-dhroch-cháil amach is amach leis.…
Thug Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann, Pól Deeds, a chéad chuairt oifigiúil ar Oifig an Choimisinéara Teanga Déardaoin seo caite nuair a chas sé leis an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe. Ba é príomhchuspóir na cuairte deiseanna comhoibrithe idir an dá oifig a phlé agus bealaí a aimsiú chun…
Jenna Goulding Cuireadh reachtaíocht nua chíosa i bhfeidhm ón gcéad lá de Mhárta. Dúirt an rialtas go bhfuil gá leis an reachtaíocht nua chun soláthar tithíochta a mhéadú, ach mhaígh páirtithe an fhreasúra go bhféadfadh na hathruithe ardú suntasach ar chíosanna a chruthú. Cuireann an reachtaíocht nua béim ar chosaint tionóntaí, trédhearcacht agus freagracht tiarnaí.…
Tá comhpháirtíocht nua á fógairt ag Údarás na Gaeltachtale Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma chun líon cúrsaí Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil d’fhostaithe i ngnólachtaí Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. Is é an eagraíocht Gaelchultúr a bheidh ag reáchtáil na gcúrsaí, atá aitheanta ag QQI ar leibhéil 2-6…
Eoin Ó Murchú Is buille mór é an ruaig a cuireadh ar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre i bhfothoghchán i Manchain i Sasana, agus bua an Pháirtí Ghlais, ar údarás creathnach an phríomh-aire Keir Starmer, agus is beag nach cinnte go gcuirfidh sé dlús lena bhaint as an bpost sin. Dhiúltaigh Starmer ligean do Andy…
Tá conspóid nua tagtha chun cinn i ndiaidh postáil phoiblí ó Ollscoil na Banríona a dhearbhaigh, dar leis an gCumann Gaelach, an méid a bhí ar eolas le fada ag pobal na Gaeilge ar an gcampas. De réir an chumainn, tá an Ghaeilge “inghlactha” ag an Leas-Sainsiléir Ian Greer agus ag lucht bainistíochta na hOllscoile…