
D’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go mairfidh an cogadh in aghaidh na hIaráine ar feadh seachtainí fada eile, agus go ndéanfar scrios ollmhór ar mhuintir na hIaráine mura ngéillfidh siad do SAM agus Iosrael.
Idir an dá linn, agus Caolas Hormuz dúnta go héifeachtach, tá ardú suntasach tagtha ar phraghsanna ola agus tá praghsanna gáis tar éis ardú as cuimse, agus geilleagar an domhain, go háirithe na Eorpa, ag íoc as ionsaí SAM agus Iosrael.
Cheana in Éirinn tuairiscítear go bhfuil comhlachtaí breosla ag iarraidh airgead breise a bhailiú as an ngéarchéim. Ach is buille eile é cinnte do gheilleagar na hEorpa go bhfuil na harduithe seo ag teacht agus an Eoraip cheana ag íoc níos mó ar ghás ó Mheiriceá agus ó Chatar ná mar bhíodh le híoc ar ghás as an Rúis.
Tá an t-ionsaí ar an Iaráin ag SAM agus Iosrael cáinte ar fud an domhain mar shárú ar an dlí idirnáisiúnta. Tá os cionn 800 daoine cheana maraithe san Iaráin, lena n-áirítear 180 duine, leanaí an chuid is mó, a cailleadh in ionsaí ar scoil i ndeisceart na tíre.
Tá an Iaráin ag seasamh an fhóid agus ag troid ar ais. Tá bunáiteanna míleata de chuid Mheiriceá ar fud réigiún na Murascaille buailte ag diúracáin de chuid na hIaráine, agus Iosrael féin faoi ionsaí freisin.